+Airteagal 21 3

Airteagal 21 3

3.   Cuirfear an scéim feidhmíochta chun feidhme in imeacht tréimhsí tagartha, tréimhsí a mhairfidh 3 bliana ar a laghad agus 5 bliana ar a mhéad. Beidh an méid seo a leanas sa scéim feidhmíochta:

(a)

príomhréimsí feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta;

(b)

spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach i dtaca leis na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) le haghaidh gach tréimhse tagartha;

(c)

pleananna feidhmíochta lena n-áirítear an méid seo a leanas le haghaidh gach tréimhse tagartha:

(i)

spriocanna feidhmíochta ceangailteacha agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, sna príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a);

(ii)

spriocanna feidhmíochta ceangailteacha agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimsí feidhmíochta na costéifeachtúlachta agus na hacmhainneachta; agus

(iii)

i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena socraítear príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil ar bhonn Airteagal 28, pointe (g), faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, spriocanna feidhmíochta ceangailteacha le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta sin na haeráide agus an chomhshaoil agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta;

(d)

athbhreithniú agus faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) agus ar na táscairí ábhartha sábháilteachta a shainítear i gcomhordú leis an nGníomhaireacht.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.