+Airteagal 21 Scéim feidhmíochta
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
---+Airteagal 21 5
---+Airteagal 21 6
---+Airteagal 21 7
|
Airteagal 21 Scéim feidhmíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin san Aerspás Eorpach Aonair, beidh feidhm ag scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 22 go 28.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ná Airteagail 22 go 28 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear ag aerfoirt, atá suite ar chríoch na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo, a bhfuil níos lú ná 80 000 gluaiseacht aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí acu in aghaidh na bliana. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, áfach, go bhfuil seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt den sórt sin faoi réir na nAirteagal sin.
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Cuirfear an scéim feidhmíochta chun feidhme in imeacht tréimhsí tagartha, tréimhsí a mhairfidh 3 bliana ar a laghad agus 5 bliana ar a mhéad. Beidh an méid seo a leanas sa scéim feidhmíochta:
|
(a)
|
príomhréimsí feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta;
|
|
(b)
|
spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach i dtaca leis na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) le haghaidh gach tréimhse tagartha;
|
|
(c)
|
pleananna feidhmíochta lena n-áirítear an méid seo a leanas le haghaidh gach tréimhse tagartha:
|
(i)
|
spriocanna feidhmíochta ceangailteacha agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, sna príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a);
|
|
(ii)
|
spriocanna feidhmíochta ceangailteacha agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimsí feidhmíochta na costéifeachtúlachta agus na hacmhainneachta; agus
|
|
(iii)
|
i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena socraítear príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil ar bhonn Airteagal 28, pointe (g), faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, spriocanna feidhmíochta ceangailteacha le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta sin na haeráide agus an chomhshaoil agus, i gcás inarb infheidhme, scéimeanna dreasachta;
|
|
|
(d)
|
athbhreithniú agus faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar na príomhréimsí feidhmíochta a luaitear i bpointe (a) agus ar na táscairí ábhartha sábháilteachta a shainítear i gcomhordú leis an nGníomhaireacht.
|
|
|
Airteagal 21 4
|
4. Beidh an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 bunaithe ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus scaipeadh sonraí ábhartha a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin a thagann ó na páirtithe ábhartha go léir, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na húdaráis inniúla náisiúnta, agus na húdaráis náisiúnta eile, an Ghníomhaireacht, an Bainisteoir Gréasáin agus Eurocontrol;
|
|
(b)
|
príomhtháscairí feidhmíochta chun spriocanna a shocrú sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), den Airteagal seo, gan dochar do mhír 3, pointe (c)(iii), den Airteagal seo, agus d’Airteagal 28, pointe (g);
|
|
(c)
|
táscairí chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), agus na táscairí ábhartha sábháilteachta a shainítear i gcomhordú leis an nGníomhaireacht;
|
|
(d)
|
modheolaíocht chun luachanna miondealaithe a ríomh;
|
|
(e)
|
nósanna imeachta maidir le pleananna feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta a bhunú, agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh orthu, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, agus le haghaidh bhainistíocht an ghréasáin, chomh maith le teimpléid, ábhar agus cláir ama na bpleananna sin;
|
|
(f)
|
measúnú ar na dréachtphleananna agus dréachtspriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht gréasáin;
|
|
(g)
|
faireachán ar phleananna feidhmíochta, lena n-áirítear sásraí foláirimh iomchuí chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le linn tréimhse thagartha;
|
|
(h)
|
tagarmharcáil na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 i gcás inarb ábhartha;
|
|
(i)
|
scéimeanna dreasachta lena n-áirítear dreasachtaí dearfacha airgeadais agus dídhreasachtaí airgeadais araon;
|
|
(j)
|
sásraí comhroinnte rioscaí i leith tráchta agus costas;
|
|
(k)
|
amchláir maidir le spriocanna a shocrú, le measúnú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta, le faireachán agus le tagarmharcáil;
|
|
(l)
|
prionsabail ghinearálta arna mbunú ag an gCoimisiún maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus faoi bhealach a leithdháileadh go comhréireach idir an dá chatagóir seirbhísí;
|
|
(m)
|
sásraí chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais nach féidir a thuar agus teagmhais shuntasacha a bhfuil tionchar ábhartha acu ar chur chun feidhme na scéimeanna feidhmíochta agus muirearaithe.
|
Beidh na dreasachtaí dearfacha airgeadais agus dídhreasachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (i) comhréireach leis an méid a imíonn an fheidhmíocht arna baint amach ón sprioc. Cuirfear san áireamh leo an tionchar ar an ngréasán agus a mhéid a bhfuil bealach réasúnta ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta tionchar fachtóirí seachtracha a mhaolú. Socrófar na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí ar leibhéal lena gcothófar go héifeachtach cáilíocht an tsoláthair seirbhíse agus ní chuirfidh siad isteach ar chumas an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1139 a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le stóinseacht airgeadais.
Chun na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (l) a leagan síos, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na critéir náisiúnta atá ann cheana chun costais is coiteann do sheirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus críochfoirt a leithdháileadh agus rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus le geallsealbhóirí. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thús gach tréimhse tagartha, déanfaidh an Coimisiún na prionsabail ghinearálta sin a bhunú nó, de réir mar is iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 21 5
|
5. Agus na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta á socrú, na dréachtphleananna feidhmíochta á n-ullmhú agus measúnú á dhéanamh orthu, agus faireachán agus tagarmharcáil á ndéanamh maidir le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus bainistíocht an ghréasáin, cuirfear san áireamh an tionchar a bhíonn ag imthosca áitiúla chomh maith le fachtóirí seachtracha nach mbíonn bealach réasúnta ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta iad a mhaolú.
Maidir le tionchar na n-imthosca áitiúla a cuireadh san áireamh cheana agus spriocanna feidhmíochta uile-Aontais á socrú i gcomhréir le hAirteagal 22(2), pointe (d), chomh maith le luachanna miondealaithe a bhunaítear faoi Airteagal 22(1) á socrú, ní chuirfear an tionchar sin san áireamh ina dhiaidh sin agus measúnú á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais chun údar a thabhairt le himeacht na spriocanna sin sa dréachtphlean ó na spriocanna uile-Aontais. Maidir le tionchar na n-imthosca áitiúla a cuireadh san áireamh cheana chun na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a shocrú, ní chuirfear an tionchar sin san áireamh ina dhiaidh sin agus faireachán á dhéanamh ar bhaint amach na spriocanna sin.
|
|
Airteagal 21 6
|
6. Socrófar leibhéal na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear i mír 3, pointe (c)(iii), agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh, go háirithe ceanglais áitiúla maidir leis an mbeartas comhshaoil.
|
|
Airteagal 21 7
|
7. Chun an scéim feidhmíochta a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh go bhfuil saintréithe éagsúla ag seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ag seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus ag feidhmeanna gréasáin agus, dá bhrí sin, déileálfar leo dá réir sin, lena n-áirítear, más gá, chun feidhmíocht a thomhas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|