14. Bunaítear Bord Bainistíochta Gréasáin d’fhonn rialachas iomchuí ar fhorghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin a áirithiú.
Beidh freagracht ar an mBord Bainistíochta Gréasáin as na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
bearta arna ndéanamh nó arna moladh ag an mBainisteoir Gréasáin a fhormheas nó a fhormhuiniú i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15;
|
|
(b)
|
na sonraíochtaí don chomhairliúchán agus na socruithe mionsonraithe oibre dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 a fhormheas;
|
|
(d)
|
NSP a fhormhuiniú, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus tuairim na mBallstát á cur san áireamh, agus sula bhformheasfaidh an Coimisiún é;
|
|
(e)
|
faireachán a dhéanamh ar fheidhmeanna an ghréasáin agus tuairimí nó moltaí a thabhairt maidir le saincheisteanna sonracha; agus
|
|
(f)
|
aon bheart eile is gá chun na sásraí rialachais a fhorghníomhú.
|
Is i bhfoirm gníomh cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún NSP a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
Beidh comhaltaí a bhfuil vóta acu agus comhaltaí nach bhfuil vóta acu ar an mBord Bainistíochta Gréasáin. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe na ngeallsealbhóirí oibríochtúla, ionadaithe an Choimisiúin, ionadaithe an Bhainisteora Gréasáin agus ionadaithe Eurocontrol.