+Airteagal 38 An Bainisteoir Gréasáin
---+Airteagal 38 1
---+Airteagal 38 2
---+Airteagal 38 3
---+Airteagal 38 4
---+Airteagal 38 5
---+Airteagal 38 6
---+Airteagal 38 7
---+Airteagal 38 8
---+Airteagal 38 9
---+Airteagal 38 10
---+Airteagal 38 11
---+Airteagal 38 12
---+Airteagal 38 13
---+Airteagal 38 14
---+Airteagal 38 15
---+Airteagal 38 16

Airteagal 38 An Bainisteoir Gréasáin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1

1.   Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 37(1) den Rialachán seo, a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, le tacaíocht na Gníomhaireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, go rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin le cur i gcrích na bhfeidhmeanna gréasáin a leagtar amach in Airteagal 37(2) den Rialachán seo, trí na cúraimí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar an mBainisteoir Gréasáin féachaint go gcuirfidh sé a chúraimí i gcrích mar is ceart.

Airteagal 38 2

2.   Ceapfaidh an Coimisiún comhlacht neamhspleách, neamhchlaonta, inniúil chun cúraimí an Bhainisteora Gréasáin a dhéanamh.

Airteagal 38 3

3.   Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Sa chinneadh faoi cheapachán, áireofar téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, lena n-áirítear an Bainisteoir Gréasáin a mhaoiniú.

Airteagal 38 4

4.   Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i mír 2 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos forálacha mionsonraithe lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais agus nósanna imeachta ceapacháin;

(b)

ceanglais neamhspleáchais;

(c)

ceanglais saineolais;

(d)

maoiniú;

(e)

maoirseacht an Choimisiúin ar an mBainisteoir Gréasáin agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige;

(f)

ceanglais maidir le feidhmíocht an Bhainisteora Gréasáin a thomhas.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 38 5

5.   Cuirfidh an Bainisteoir Gréasáin a chúraimí i gcrích ar bhealach neamhspleách costéifeachtúil. Beidh sé faoi réir rialachas agus uathrialachas cuí i gcás ina bhfuil feidhmeanna rialála chomh maith ag an gcomhlacht inniúil a cheaptar mar Bhainisteoir Gréasáin, áiritheofar go ndéanfar scaradh eagraíochtúil ó na feidhmeanna sin. Agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige, cuirfidh an Bainisteoir Gréasáin, riachtanais an ghréasáin BAT ina iomláine san áireamh agus déanfaidh sé cumais chosanta a choimirciú ag an am céanna agus beidh na geallsealbhóirí oibríochtúla go léir rannpháirteach go hiomlán ann.

Airteagal 38 6

6.   Ar chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin, laistigh de theorainneacha Airteagal 37(4) den Airteagal seo, le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin trí na cúraimí seo a leanas:

(a)

an Plean Oibríochtaí Gréasáin a bhunú agus an Plean Straitéise Gréasáin a ullmhú;

(b)

tacú le dearadh agus comhordú úsáid struchtúr aerspáis;

(c)

tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú, nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit lena mbaineann, trí thacú leis na Ballstáit agus leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann, agus na comhaontuithe is gá chun aerthrácht ginearálta agus oibríochtúil a chomhordú agus an gá comhordú leordhóthanach a choinneáil sna struchtúir aerspáis ábhartha á gcur san áireamh;

(d)

soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán a chomhordú agus tacú leis i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh;

(e)

comhordú agus tacaíocht a mhéid a bhaineann le bainistíocht géarchéimeanna gréasáin;

(f)

acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an t-aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar;

(g)

comhordú BSAT agus soláthar, eagrú agus oibriú aonad lárnach BSAT;

(h)

nósanna imeachta a fhorbairt agus próisis a eagrú maidir le sannadh moille BSAT trí chinnteoireacht chomhoibritheach;

(i)

comhordú, faireachán agus tacaíocht sna gníomhaíochtaí pleanála agus cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí oibríochtúla chun a rannpháirtíocht ghníomhach sa bhainistíocht agus sa rialachas a áirithiú;

(j)

faireachán ar fheidhmíocht bonneagair an ghréasáin Eorpaigh BAT;

(k)

comhordú le ICAO agus le réigiúin ICAO i ndáil leis na feidhmeanna gréasáin a chur i gcrích;

(l)

clár oibre agus buiséad an Bhainisteora Gréasáin a bhunú;

(m)

sonraí a sholáthar maidir le pleananna eitilte i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó le bearta sábháilteachta agus slándála eile, agus trí aon chúraimí eile is gá le haghaidh rannchuidiú an Bhainisteora Gréasáin le feidhmiú na bhfeidhmeanna gréasáin, agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis an rannchuidiú sin, mar a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10.

Airteagal 38 7

7.   Rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin le feidhmeanna gréasáin a fhorghníomhú trí bhíthin bearta tacaíochta atá dírithe ar phleanáil shábháilte éifeachtúil agus oibríochtaí sábháilte éifeachtúla na ngeallsealbhóirí laistigh den ghréasán faoi ghnáthdhálaí agus faoi dhálaí géarchéime gréasáin agus trí bhearta atá dírithe ar fheabhsú leanúnach na n-oibríochtaí gréasáin san Aerspás Eorpach Aonair agus ar fheidhmíocht fhoriomlán an ghréasáin, go háirithe maidir leis an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear i dtaca leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Cuirfear san áireamh, sa ghníomhaíocht a dhéanann an Bainisteoir Gréasáin, gur gá na haerfoirt a chomhtháthú go hiomlán sa ghréasán s agus beidh sé mar aidhm léi a áirithiú go gcomhlíonfar pleananna feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe.

Airteagal 38 8

8.   Oibreoidh an Bainisteoir Gréasáin i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun a éascú go léireofar na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21 go leordhóthanach sa phleanáil fhoriomlán maidir leis an acmhainneacht agus san acmhainneacht atá le cur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí aerthráchta aonair agus atá le comhaontú idir an Bainisteoir Gréasáin agus na soláthraithe seirbhísí aerthráchta san NOP.

Airteagal 38 9

9.   Déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin an méid seo a leanas:

(a)

trí chinnteoireacht chomhoibritheach, gníomhaíochtaí oibríochtúla a chinneadh agus bearta feabhais a mholadh a bheidh le déanamh ag geallsealbhóirí oibríochtúla d’fhonn rannchuidiú leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus na spriocanna feidhmíochta ceangailteacha áitiúla a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ar imthosca réigiúnacha agus áitiúla, agus na ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus na luachanna tagartha áitiúla a leagtar amach san NOP a chur chun feidhme agus comhairle a thabhairt maidir le ruthaig eitilte atá optamaithe don chomhshaol; féadfaidh na geallsealbhóirí oibríochtúla a chinneadh an bhfuil aon bhearta feabhais beartaithe le cur chun feidhme, agus cuirfidh siad an Bord Bainistíochta Gréasáin ar an eolas faoi na cúiseanna nach ndearnadh iad a chur chun feidhme.

(b)

i gcomhordú leis na páirtithe ábhartha, comhairle a chur ar an gCoimisiún agus faisnéis ábhartha a sholáthar do BAF maidir le himscaradh bhonneagar an ghréasáin BAT i gcomhréir le Máistirphlean Eorpach BAT, go háirithe chun na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo don ghréasán a shainaithint.

Airteagal 38 10

10.   Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 den Airteagal seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme chúraimí an Bhainisteora Gréasáin, mar a shainítear sna míreanna sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 38 11

11.   Agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige, déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin bearta trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí. Gníomhóidh páirtithe sa phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí a mhéid is féidir d’fhonn feidhmiú agus feidhmíocht an ghréasáin a fheabhsú, lena n-áirítear baint amach na spriocanna uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil. Cuirfidh an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí leas an ghréasáin chun cinn, agus leasanna bunriachtanacha slándála agus cosanta á gcur san áireamh, agus dálaí áitiúla nó réigiúnacha eile, mar shampla dálaí geografacha, topagrafacha agus meitéareolaíocha.

Beidh na Ballstáit rannpháirteach go hiomlán i gcinntí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, go háirithe i múnlú an Phlean Straitéise Gréasáin.

Airteagal 38 12

12.   Beidh an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí dá dtagraítear i mír 11 bunaithe, go háirithe, ar phróiseas comhairliúcháin le geallsealbhóirí oibríochtúla, le comhordaitheoirí sliotán aerfoirt, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún, ar shocruithe agus próisis oibre le haghaidh oibríochtaí agus ar shásraí réitigh a mbeidh baint ag an mBord Bainistíochta Gréasáin leo i gcás inar gá.

I gcás inarb í ceannasacht ar a chuid aerspáis atá i gceist, ní mór toil an Bhallstáit sin a fháil.

Airteagal 38 13

13.   Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhlíonadh na bhforálacha dá dtagraítear i míreanna 11 agus 12 a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta comhoibrithí, lena n-áirítear:

(a)

próiseas chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí oibríochtúla, le comhordaitheoirí sliotán aerfoirt, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún;

(b)

socruithe agus próisis oibre le haghaidh oibríochtaí;

(c)

rannpháirtíocht údaráis na mBallstát nuair is gá;

(d)

sásraí réitigh a mbeidh baint ag an mBord Bainistíochta Gréasáin leo i gcás inar gá;

(e)

aon bheart eile is gá maidir leis na próisis chinnteoireachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 38 14

14.   Bunaítear Bord Bainistíochta Gréasáin d’fhonn rialachas iomchuí ar fhorghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin a áirithiú.

Beidh freagracht ar an mBord Bainistíochta Gréasáin as na nithe seo a leanas:

(a)

bearta arna ndéanamh nó arna moladh ag an mBainisteoir Gréasáin a fhormheas nó a fhormhuiniú i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15;

(b)

na sonraíochtaí don chomhairliúchán agus na socruithe mionsonraithe oibre dá dtagraítear i míreanna 12 agus 13 a fhormheas;

(c)

NOP a fhormheas;

(d)

NSP a fhormhuiniú, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus tuairim na mBallstát á cur san áireamh, agus sula bhformheasfaidh an Coimisiún é;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fheidhmeanna an ghréasáin agus tuairimí nó moltaí a thabhairt maidir le saincheisteanna sonracha; agus

(f)

aon bheart eile is gá chun na sásraí rialachais a fhorghníomhú.

Is i bhfoirm gníomh cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún NSP a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Beidh comhaltaí a bhfuil vóta acu agus comhaltaí nach bhfuil vóta acu ar an mBord Bainistíochta Gréasáin. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe na ngeallsealbhóirí oibríochtúla, ionadaithe an Choimisiúin, ionadaithe an Bhainisteora Gréasáin agus ionadaithe Eurocontrol.

Airteagal 38 15

15.   Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear i mír 14 den Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an mBord Bainistíochta Gréasáin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta Gréasáin;

(b)

feidhmiú agus freagrachtaí an Bhoird Bainistíochta Gréasáin mar a shainítear i mír 14 iad;

(c)

na sásraí rialachais gréasáin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 38 16

16.   Gan dochar d’Airteagal 37(2), pointe (a), den Rialachán seo ná d’Airteagail 44 agus 46 de Rialachán (AE) 2018/1139 ná do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin, beidh an inniúlacht iomlán ag na Ballstáit chun na bealaí agus na struchtúir aerspáis atá faoina bhfreagracht a fhorbairt, a fhormheas agus a bhunú. I dtaca leis sin, cuirfidh na Ballstáit éilimh aerthráchta, séasúracht agus castacht aerthráchta agus pleananna feidhmíochta san áireamh. Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis na gnéithe sin, tabharfaidh siad aird chuí ar riachtanais na n-úsáideoirí aerspáis lena mbaineann nó na ngrúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na húsáideoirí aerspáis sin agus ar na húdaráis mhíleata de réir mar is iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.