+Airteagal 57 (7)

Airteagal 57 (7)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘2.3a.   Seirbhísí sonraí aerthráchta

2.3a.1.

Na sonraí aerthráchta a bhaileofar, is de cháilíocht leordhóthanach, iomlán, cothrom le dáta agus is ó fhoinse dhlisteanach a bheidh siad agus soláthrófar go tráthúil iad.

2.3a.2.

Déanfaidh na seirbhísí sonraí aerthráchta feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun chomh fada agus a bhaineann lena n-infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena dtráthúlacht chun riachtanais na n-úsáideoirí a chomhlíonadh.

2.3a.3

Déanfar na córais agus na huirlisí a sholáthróidh seirbhísí sonraí aerthráchta a dhearadh, a tháirgeadh agus a choinneáil ar bun go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo.

2.3a.4.

Déanfar na sonraí sin a scaipeadh go tráthúil agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, modh a bheidh faoi chosaint ar chur isteach agus ar éilliú, bíodh sé sin d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe.’
;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.8:

‘2.8.   Bainistíocht aerspáis

Maidir le méideanna sonracha aerspáis a ainmniú chun críocha úsáide áirithe, déanfar faireachán ar an ainmniú sin agus déanfar é a chomhordú agus a fhógairt go tráthúil chun an riosca a laghdú go gcaillfear aon spás scoite idir aerárthaí i ngach uile imthoisc. Agus eagrú gníomhaíochtaí míleata agus gnéithe gaolmhara faoi fhreagracht na mBallstát á chur san áireamh, tacóidh bainistíocht aerspáis freisin le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis, i gcomhréir leis an gcur síos air a rinne an ICAO agus arna cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2024/2803, d’fhonn bainistíocht aerspáis agus bainistíocht aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 5.1:

‘(c)

más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí seirbhíse córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;’

;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘7.   LÁIDREACHT AIRGEADAIS, DLISTEANAS, CEANGLAIS CUMHDAIGH ÁRACHAIS, ÚINÉIREACHT AGUS STRUCHTÚR EAGRÚCHÁIN

Déanfaidh soláthraithe BAT/SAL an méid seo a leanas, d’fhonn soláthar seirbhíse sábháilte agus leanúnach a áirithiú:

(a)

léireoidh siad láidreacht airgeadais leordhóthanach;

(b)

beidh cumhdach iomchuí dliteanais agus árachais faighte acu, agus a stádas dlíthiúil agus leibhéal an chumhdaigh árachais tráchtála atá ar fáil á gcur san áireamh; agus

(c)

comhlíonfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le húinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc chun soláthar seirbhísí neamh-idirdhealaitheach a áirithiú.’.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.