+Airteagal 57 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1139
---+Airteagal 57 (1)
---+Airteagal 57 (2)
---+Airteagal 57 (3)
---+Airteagal 57 (4)
---+Airteagal 57 (5)
---+Airteagal 57 (6)
---+Airteagal 57 (7)

Airteagal 57 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57 (1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (h):

‘(h)

gan dochar do Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an aerspás atá faoina ndlínse, dearadh struchtúr aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/2803 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair (IO L, 2024/2803, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2803/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Gan dochar do cheanglais slándála agus cosanta náisiúnta, agus d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/2803 , maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na saoráidí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo oscailte i gcomhair úsáid phoiblí; agus

(b)

BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, a chuirtear ar fáil d’aerthrácht a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/2803 maidir leis,

áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil leo leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta le córais shibhialta atá chomh héifeachtach leis an leibhéal a thagann as cur i bhfeidhm na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.’

;
Airteagal 57 (2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):

‘(5)

ciallaíonn “BAT/SAL” bainistíocht aerthráchta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2024/2803 agus seirbhísí aerloingseoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), den Rialachán sin, chomh maith leis na feidhmeanna bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 37 den Rialachán sin, agus seirbhísí arb é atá iontu sonraí a thionscnamh agus a phróiseáil agus sonraí a fhormáidiú agus a sholáthar d’aerthrácht ginearálta chun críche aerloingseoireachta;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (33) agus (34):

‘(33)

ciallaíonn “Aerspás Eorpach Aonair” aerspás os cionn na críche a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, chomh maith le haon aerspás eile ina gcuireann Ballstáit Rialachán (AE). 2024/2803 i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Rialachán sin;

(34)

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” eintiteas amháin nó níos mó a d’ainmnigh Ballstát agus a bhfuil na cumhachtaí agus na freagrachtaí leithdháilte is gá aige leis na cúraimí a bhaineann le deimhniú, maoirseacht agus forfheidhmiú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;’

;

Airteagal 57 (3)

in Airteagal 41, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Féadfaidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith faoi réir coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, comhréireacha, trédhearcacha a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo. Féadfaidh na coinníollacha seo a bheith bainteach, mar is iomchuí, leis an méid seo a leanas:

(a)

imfhálú nó srianadh oibríochtaí seirbhísí seachas na seirbhísí a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar;

(b)

conarthaí, comhaontuithe nó socruithe eile idir soláthraí BAT/SAL agus tríú páirtí agus a bhaineann leis na seirbhísí;

(c)

faisnéis a sholáthar a bhfuil gá réasúnach léi chun comhlíonadh na gceanglas maidir leis an deimhniú sin a leagtar amach san Airteagal seo a fhíorú; agus

(d)

aon choinníollacha dlíthiúla eile nach mbaineann go sonrach le seirbhísí aerloingseoireachta, ar nós coinníollacha a bhaineann leis an deimhniú a chur ar fionraí nó a chúlghairm.’

Airteagal 57 (4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

‘Airteagal 43

Gníomhartha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le soláthraithe BAT/SAL agus le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh nó le cothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL

1.   Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 a áirithiú, d’fhonn BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a sholáthar, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha i dtaca le soláthar BAT/SAL i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40, lena n-áirítear bunú agus cur chun feidhme an phlean teagmhais i gcomhréir le pointe 5.1(f) d’Iarscríbhinn VIII;

(b)

na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i Airteagal 41(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(bb)

na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 41(3a);

(c)

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhú ó sholáthraithe seirbhísí faisnéise eitiltí dá dtagraítear in Airteagal 41(5), agus maidir leis na cásanna ina gceadaítear na dearbhuithe sin;

(d)

na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 42(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus maidir leis na cásanna ina gceanglaítear na deimhnithe sin;

(e)

na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú ó eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), agus maidir leis na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;

(f)

pribhléidí agus freagrachtaí shealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 42(1), agus na n-eagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 41(5) agus pointe (a) d’Airteagal 42(1).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

2.   Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí ar Mháistirphlean Eorpach BAT.

3.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo agus cuirfidh sé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinní 2 go 4, 10, 11 agus 15 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.’

Airteagal 57 (5)

leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Gan dochar d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/2803, chun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo, braithfidh na húdaráis inniúla ar na measúnuithe arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin agus a gcúraimí faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin á ndéanamh acu.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14, pointe (a):

‘(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhniú, agus faoina ndéanfar na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh ag soláthraithe BAT/SAL, ar measúnú agus maoirseacht iad a dhéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/2803, gan dochar d’Airteagal 5(1) den Rialachán sin;’

;

Airteagal 57 (6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 93:

‘Airteagal 93

Cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta féin agus arna iarraidh sin, cúnamh teicniúil a sholáthar don Choimisiún, i gcur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

cigireachtaí teicniúla, imscrúduithe theicniúla agus staidéir a dhéanamh;

(b)

rannchuidiú in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, i gcomhar leis an mBord Athbhreithnithe Feidhmíochta (BAF) dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/2803, le scéim feidhmíochta a chur chun feidhme le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin;

(c)

a cion féin a dhéanamh i ndáil le Máistirphlean Eorpach BAT a chur chun feidhme, lena n-áirítear forbairt agus imscaradh thionscadal SESAR.’

Airteagal 57 (7)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘2.3a.   Seirbhísí sonraí aerthráchta

2.3a.1.

Na sonraí aerthráchta a bhaileofar, is de cháilíocht leordhóthanach, iomlán, cothrom le dáta agus is ó fhoinse dhlisteanach a bheidh siad agus soláthrófar go tráthúil iad.

2.3a.2.

Déanfaidh na seirbhísí sonraí aerthráchta feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun chomh fada agus a bhaineann lena n-infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena dtráthúlacht chun riachtanais na n-úsáideoirí a chomhlíonadh.

2.3a.3

Déanfar na córais agus na huirlisí a sholáthróidh seirbhísí sonraí aerthráchta a dhearadh, a tháirgeadh agus a choinneáil ar bun go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo.

2.3a.4.

Déanfar na sonraí sin a scaipeadh go tráthúil agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, modh a bheidh faoi chosaint ar chur isteach agus ar éilliú, bíodh sé sin d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe.’
;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.8:

‘2.8.   Bainistíocht aerspáis

Maidir le méideanna sonracha aerspáis a ainmniú chun críocha úsáide áirithe, déanfar faireachán ar an ainmniú sin agus déanfar é a chomhordú agus a fhógairt go tráthúil chun an riosca a laghdú go gcaillfear aon spás scoite idir aerárthaí i ngach uile imthoisc. Agus eagrú gníomhaíochtaí míleata agus gnéithe gaolmhara faoi fhreagracht na mBallstát á chur san áireamh, tacóidh bainistíocht aerspáis freisin le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis, i gcomhréir leis an gcur síos air a rinne an ICAO agus arna cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2024/2803, d’fhonn bainistíocht aerspáis agus bainistíocht aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 5.1:

‘(c)

más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí seirbhíse córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;’

;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘7.   LÁIDREACHT AIRGEADAIS, DLISTEANAS, CEANGLAIS CUMHDAIGH ÁRACHAIS, ÚINÉIREACHT AGUS STRUCHTÚR EAGRÚCHÁIN

Déanfaidh soláthraithe BAT/SAL an méid seo a leanas, d’fhonn soláthar seirbhíse sábháilte agus leanúnach a áirithiú:

(a)

léireoidh siad láidreacht airgeadais leordhóthanach;

(b)

beidh cumhdach iomchuí dliteanais agus árachais faighte acu, agus a stádas dlíthiúil agus leibhéal an chumhdaigh árachais tráchtála atá ar fáil á gcur san áireamh; agus

(c)

comhlíonfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le húinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc chun soláthar seirbhísí neamh-idirdhealaitheach a áirithiú.’.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.