+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘aistriú carbóin’ aistriú antrapaigineach carbóin ón atmaisféar agus stóráil mharthanach an charbóin sin i dtaiscumair gheolaíocha, talún nó aigéin, nó i dtáirgí fadtéarmacha;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘laghdú astaíochtaí ithreach’ laghdú ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 nó laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’, arna chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, i gcás ina ndéantar, ar an iomlán, leis an ngníomhaíocht ábhartha astú carbóin ó linnte carbóin san ithir a laghdú nó aistrithe carbóin i linnte carbóin bithghineacha a mhéadú;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘gníomhaíocht’ cleachtas nó próiseas amháin nó níos mó a dhéanann oibreoir, nó grúpa oibreoirí, as a dtagann buanaistriú carbóin, aistriú sealadach carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin nó trí stóráil carbóin i dtáirgí, nó laghduithe astaíochtaí ithreach tríd an bhfeirmeoireacht carbóin i gcás ina ndéantar, ar an iomlán, le feirmeoireacht carbóin den sórt sin astaíochtaí carbóin ó linnte carbóin san ithir a laghdú nó aistrithe carbóin i linnte carbóin bithghineacha a mhéadú;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘linn charbóin bhithghineach’ bithmhais bheo, easair, adhmad marbh, ábhar orgánach marbh, ithreacha mianracha agus ithreacha orgánacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (a) go (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí a oibríonn nó a rialaíonn gníomhaíocht, nó dar tarmligeadh cumhacht eacnamaíoch chinntitheach ar fheidhmiú teicniúil na gníomhaíochta; i gcás gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, ciallaíonn ‘oibreoir’ feirmeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/2115, aon bhainisteoir eile ar ghníomhaíocht i dtimpeallacht talún nó chósta, úinéir nó bainisteoir foraoise mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó eintiteas poiblí inniúil;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘grúpa oibreoirí’ eintiteas dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar dhá oibreoir ar a laghad agus atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí sin an Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘tréimhse ghníomhaíochta’ tréimhse ina ngintear leis an ngníomhaíocht glantairbhe aistrithe carbóin nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, agus a chinntear sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘tréimhse faireacháin’ tréimhse ina ndéanann oibreoir nó grúpa oibreoirí faireachán ar laghdú astaíochtaí ithreach nó stóráil carbóin, lena gcumhdaítear ar a laghad an tréimhse ghníomhaíochta, agus a chinntear sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme;
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘buanaistriú carbóin’ aon chleachtas nó próiseas lena ndéantar, faoi ghnáthchúinsí agus trí chleachtais bhainistíochta iomchuí a úsáid, carbón atmaisféarach nó bithghineach a ghabháil agus a stóráil ar feadh roinnt céadta bliain, lena n-áirítear carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí, agus nach bhfuil comhcheangailte le haisghabháil hidreacarbóin fheabhsaithe;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘feirmeoireacht carbóin’ aon chleachtas nó próiseas a dhéantar thar thréimhse ghníomhaíochta 5 bliana ar a laghad, a bhaineann le bainistiú timpeallachta talún nó cósta agus as a dtagann gabháil agus stóráil shealadach carbóin atmaisféaraigh nó bhithghinigh i linnte carbóin bithghineacha, nó as a dtagann laghdú astaíochtaí ithreach;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘stóráil carbóin i dtáirgí’ aon chleachtas nó próiseas lena ngabhtar agus lena stóráiltear carbón atmaisféarach nó bithghineach ar feadh 35 bliana ar a laghad i dtáirgí fadtréimhseacha, lenar féidir faireachán ar an láthair a dhéanamh ar an gcarbón stóráilte, agus atá deimhnithe ar feadh na tréimhse faireacháin;
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘carbón atá buancheangailte go ceimiceach i dtáirgí’ carbón a stóráiltear go ceimiceach laistigh de tháirge agus a fhágann nach dtéann sé isteach san atmaisféar faoi ghnáthúsáid an táirge, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a tharlaíonn tar éis dheireadh shaolré an táirge, i gcomhréir le hAirteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘stóráil gheolaíoch CO2’ stóráil gheolaíoch CO2 mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, de Threoir 2009/31/CE;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘comhlacht deimhniúcháin’ comhlacht neamhspleách um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe nó aitheanta agus a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige le scéim deimhniúcháin chun iniúchtaí deimhniúcháin a dhéanamh agus chun deimhnithe comhlíontachta a eisiúint;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ eagraíocht a dheimhníonn go gcomhlíonann gníomhaíochtaí agus oibreoirí na critéir cháilíochta agus na rialacha deimhniúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘iniúchadh deimhniúcháin’ iniúchadh arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘iniúchadh athdheimhniúcháin’ iniúchadh a dhéantar le linn an phróisis chun deimhniú comhlíontachta arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin a athnuachan;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘deimhniú comhlíontachta’ ráiteas comhréireachta arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann gníomhaíocht an Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn ‘aonad buanaistrithe carbóin’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe buanaistrithe carbóin deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht buanaistrithe carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn ‘aonad laghdaithe astaíochtaí ithreach’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe deimhnithe laghdaithe astaíochtaí ithreach a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn ‘aisiompú’, i gcás stóráil gheolaíoch CO2, sceitheadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2009/31/CE agus, i gcás gníomhaíochtaí eile, an carbón a gabhadh agus a stóráladh trí bhíthin gníomhaíochta a scaoileadh ar ais san atmaisféar, bíodh an scaoileadh sin deonach nó neamhdheonach;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn ‘aonad ceaptha feirmeoireachta carbóin’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn ‘aonad stórála carbóin i dtáirgí’ tona méadrach amháin de choibhéis CO2 de ghlantairbhe aistrithe carbóin sealadach deimhnithe a ghintear le gníomhaíocht stórála carbóin i dtáirgí agus atá cláraithe ag scéim deimhniúcháin ina chlárlann deimhniúcháin nó, de réir mar is infheidhme, i gclárlann an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 12.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|