|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Ní bheidh sna sonraí API ach na sonraí seo a leanas a bhaineann le gach paisinéir agus gach duine den chriú ar an eitilt:
(a)
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);
(b)
dáta breithe, inscne agus náisiúntacht;
(c)
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;
(d)
an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;
(e)
an uimhir lena sainaithnítear taifead ainmneacha paisinéirí a úsáideann aeriompróir chun paisinéir a aimsiú laistigh dá chóras faisnéise (aimsitheoir taifead PNR);
(f)
an fhaisnéis faoi shuíocháin a chomhfhreagraíonn don suíochán san aerárthach a shanntar do phaisinéir, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;
(g)
uimhir nó uimhreacha clibe bagáiste agus líon agus meáchan na málaí seiceáilte, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;
(h)
cód lena léirítear an modh a úsáideadh chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a ghabháil agus a bhailíochtú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|