+Airteagal 4
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.
---+Airteagal 4 10.
---+Airteagal 4 11.
---+Airteagal 4 12.
|
Airteagal 4
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Baileoidh aeriompróirí sonraí API gach paisinéara agus gach duine den chriú ar na heitiltí dá dtagraítear in Airteagal 2 atá le haistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás ina gcomhroinntear cód na heitilte idir aeriompróirí, is ar an aeriompróir a oibríonn an eitilt a bheidh an oibleagáid na sonraí API a aistriú.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Ní bheidh sna sonraí API ach na sonraí seo a leanas a bhaineann le gach paisinéir agus gach duine den chriú ar an eitilt:
(a)
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);
(b)
dáta breithe, inscne agus náisiúntacht;
(c)
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;
(d)
an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;
(e)
an uimhir lena sainaithnítear taifead ainmneacha paisinéirí a úsáideann aeriompróir chun paisinéir a aimsiú laistigh dá chóras faisnéise (aimsitheoir taifead PNR);
(f)
an fhaisnéis faoi shuíocháin a chomhfhreagraíonn don suíochán san aerárthach a shanntar do phaisinéir, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;
(g)
uimhir nó uimhreacha clibe bagáiste agus líon agus meáchan na málaí seiceáilte, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;
(h)
cód lena léirítear an modh a úsáideadh chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a ghabháil agus a bhailíochtú.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Ní chuimseofar sna sonraí API ach an fhaisnéis eitilte seo a leanas maidir le heitilt gach paisinéara agus gach duine den chriú:
(a)
uimhir aitheantais na heitilte nó, i gcás ina ndéantar cód na heitilte a chomhroinnt idir aeriompróirí, uimhreacha aitheantais na heitilte, nó, mura bhfuil uimhir den sórt ann, modhanna soiléire oiriúnacha eile chun an eitilt a shainaithint;
(b)
i gcás inarb infheidhme, an pointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit;
(c)
cód an aerfoirt teacht isteach nó, i gcás ina bhfuil sé beartaithe go dtuirlingeoidh an eitilt in aerfort amháin nó i roinnt aerfort laistigh de chríocha Ballstáit amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, cóid na n-aerfort cuarda ar chríocha na mBallstát lena mbaineann;
(d)
cód aerfort imeachta na heitilte;
(e)
cód aerfort an phointe bordála tosaigh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
(f)
an dáta áitiúil imeachta agus an t-am áitiúil imeachta;
(g)
an dáta áitiúil sroichte agus an t-am áitiúil sroichte;
(h)
sonraí teagmhála an aeriompróra;
(i)
an fhormáid arna húsáid chun sonraí API a aistriú.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Baileoidh aeriompróirí na sonraí API ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil na sonraí API a aistríonn siad i gcomhréir le hAirteagal 5 cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Ní cheanglaítear le comhlíonadh na hoibleagáide seo ar aeriompróirí an doiciméad taistil a sheiceáil tráth a rachfar ar bord an aerárthaigh, gan dochar don dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Ní fhorchuirtear leis an Rialachán seo oibleagáid ar phaisinéirí doiciméad taistil a iompar agus iad ag taisteal, gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó don dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Féadfaidh Ballstát oibleagáid a fhorchur ar aeriompróirí chun an deis a thabhairt do phaisinéirí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2025/12 a uaslódáil go deonach trí mhodhanna uathoibrithe agus sonraí den sórt sin a stóráil ag an aeriompróir d’fhonn na sonraí a aistriú chun críche eitiltí amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo agus ar bhealach lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4, 7 agus 8 den Airteagal seo. Déanfaidh Ballstát a fhorchuireann oibleagáid den sórt sin na rialacha agus coimircí maidir le cosaint sonraí a leagan síos, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear rialacha maidir le tréimhse stórála. Scriosfar na sonraí, áfach, i gcás nach dtoilíonn an paisinéir a thuilleadh go ndéanfaí na sonraí a stóráil, nó ar a dhéanaí ar an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméad taistil in éag.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí meaisín-inléite dhoiciméad taistil an phaisinéara lena mbaineann a bhailiú. Déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na rialacha oibríochtúla mionsonraithe dá dtagraítear i mír 12, a luaithe a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme. I gcás ina soláthraíonn aeriompróirí próiseas seiceála isteach ar líne, cuirfidh siad ar chumas paisinéirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn an phróisis seiceála isteach ar líne sin. Maidir le paisinéirí nach seiceálann isteach ar líne, cuirfidh aeriompróirí ar chumas na bpaisinéirí sin na sonraí API sin a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn seiceáil isteach ag an aerfort le cúnamh ó bhoth féinseirbhíse nó ó bhall foirne na n-aeriompróirí ag an gcuntar. I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil modhanna uathoibrithe a úsáid, ar bhonn eisceachtúil, baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), de láimh, mar chuid den tseiceáil isteach ar líne nó mar chuid den tseiceáil isteach ag an aerfort, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar mír 4.
|
|
Airteagal 4 8.
|
Beidh aon mhodh uathoibrithe a úsáideann aeriompróirí chun sonraí API a bhailiú faoin Rialachán seo iontaofa, slán agus cothrom le dáta. Áiritheoidh aeriompróirí go mbeidh sonraí API criptithe le linn aistriú sonraí den sórt sin ón bpaisinéir chuig na haeriompróirí.
|
|
Airteagal 4 9.
|
Le linn idirthréimhse, agus sa bhreis ar na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear i mír 7, fágfaidh aeriompróirí go mbeidh paisinéirí in ann sonraí API a sholáthar de láimh mar chuid den tseiceáil isteach ar líne. I gcásanna den sórt sin, bainfidh aeriompróirí úsáid as teicnící fíoraithe sonraí chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 4.
|
|
Airteagal 4 10.
|
Ní dhéanfaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 difear do cheart aeriompróirí sonraí API arna mbailiú mar chuid den tseiceáil isteach ar líne a fhíorú ag an aerfort roimh dhul ar bord an aerárthaigh chun comhlíonadh mhír 2 a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 4 11.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, amhail ón dáta 4 bliana tar éis thús oibríochtaí an ródaire i ndáil le sonraí API dá dtagraítear in Airteagal 34, agus ar bhonn meastóireacht ar infhaighteacht agus inrochtaineacht na modhanna uathoibrithe chun sonraí API a bhailiú, chun an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fhoirceannadh.
|
|
Airteagal 4 12.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais theicniúla mhionsonraithe agus rialacha oibríochtúla a leagan síos chun na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), den Airteagal seo, a bhailiú, trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid i gcomhréir le míreanna 7 agus 8 den Airteagal seo, agus chun na sonraí API a bhailiú de láimh in imthosca eisceachtúla i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo agus le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo. Leis na ceanglais theicniúla agus na rialacha oibríochtúla sin áireofar ceanglais i ndáil le slándáil sonraí agus chun na modhanna uathoibrithe is iontaofa atá ar fáil a úsáid chun sonraí meaisín-inléite doiciméid taistil a bhailiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|