+CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 22 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694
---+Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
------+Airteagal 23 3.
------+Airteagal 23 4.
------+Airteagal 23 5.
------+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 24 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú
------+Airteagal 25 1.
------+Airteagal 25 2.
------+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694
|
Airteagal 22
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:
(1)
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)
leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(aa)
tacú le forbairt an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*1
) (“an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála”), lena n-áirítear forbairt, cur in úsáid agus oibriú na gCibearmhol Náisiúnta agus na gCibearmhol Trasteorann lena rannchuidítear le feasacht staide san Aontas agus le feabhas a chur ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le faisnéis faoi chibearbhagairtí;
(ii)
cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
‘(g)
an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála arna bhunú le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2025/38, lena n-áirítear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais arna bhunú le hAirteagal 14 den Rialachán sin (“Cúltaca Cibearshlándála an Aontais”), a bhunú agus a oibriú chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus do theagmhais mhórscála chibearshlándála agus ag freagairt orthu, ar sásra é atá comhlántach le hacmhainní agus cumais náisiúnta agus cineálacha eile tacaíochta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, agus chun tacú le húsáideoirí eile agus iad ag freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus ar theagmhais mhórscála chibearshlándála;’
;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Cuirfear na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3 chun feidhme go príomha tríd an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*2
). Mar sin féin, Déanfaidh an Coimisiún agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2025/38 , ENISA an Cúltaca Cibearshlándála a chur chun feidhme.;
(2)
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):
‘(b)
EUR 1 760 806 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga;
(c)
EUR 1 372 020 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh;
(d)
EUR 482 640 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha;’
;
(b)
cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘8.
De mhaolú ar Airteagal 12(1) den Rialachán Airgeadais, na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí i gcomhthéacs chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach de bhun Rialachán 2025/38, lena saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), den Rialachán seo, ar leithreasuithe iad nár úsáideadh, tabharfar anonn go huathoibríoch iad agus féadfar iad a ghealladh agus a íoc suas leis an 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe arna dtabhairt anonn de bhun Airteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais.’
;
(3)
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)
cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:
‘5a.
Ní bheidh feidhm ag mír 5, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le haon ghníomhaíocht lena gcuirtear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas i ndáil leis an ngníomhaíocht lena mbaineann:
(a)
tá fíor-riosca ann, agus torthaí na mapála arna déanamh de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2025/38 á gcur i gcuntas, nach mbeidh na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí atá riachtanach agus leordhóthanach chun go rannchuideoidh an ghníomhaíocht sin go leormhaith le cuspóir an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála ar fáil ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát;
(b)
tá an riosca slándála a bhaineann le soláthar ó eintitis dhlítheanacha den sórt sin laistigh den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála comhréireach leis na tairbhí agus ní bhaineann sé an bonn ó leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát.
5b.
Ní bheidh feidhm ag mír 5, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le haon ghníomhaíocht lena gcuirtear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais) chun feidhme i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas i ndáil leis an ngníomhaíocht lena mbaineann:
(a)
tá fíor-riosca ann, agus torthaí na mapála arna déanamh de bhun Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2025/38 á gcur i gcuntas, nach mbeidh an teicneolaíocht, an saineolas ná an acmhainneacht atá riachtanach agus leordhóthanach ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais chun a fheidhmeanna a dhéanamh go leormhaith ar fáil ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát;
(b)
tá an riosca slándála a bhaineann le heintitis dhlítheanacha den sórt sin a áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais comhréireach leis na tairbhí agus ní bhaineann sé an bonn ó leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát.’
;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6.
Má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, féadfar a fhoráil sa chlár oibre freisin nach bhféadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóirí Sonracha 1 agus 2 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heintitis dhlítheanacha sin chun cosaint leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus na mBallstát a ráthú agus chun cosaint faisnéise doiciméad rúnaicmithe a áirithiú. Leagfar na ceanglais sin amach sa chlár oibre.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin, a mhéid a bhaineann le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá faoi rialú ó thríú tíortha, maidir le gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3:
(a)
chun an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a chur chun feidhme i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 5a; agus
(b)
chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 5b.’
;
(4)
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm, nó deontais agus duaiseanna.
I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe arb údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (
*3
) agus 2014/25/AE (
*4
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna.
Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais.
Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, do na tríú tíortha sin. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*5
), is leor an iarraidh ó thríú tír aonair chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.
Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 is leor an iarraidh ó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht aonair de chuid an Aontais chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.
Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.
(5)
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 16a
Coinbhleachtaí rialacha
I gcás gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, is iad na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 9 de Rialachán (AE) 2025/38 na rialacha is infheidhme. I gcás coinbhleacht idir forálacha an Rialacháin seo agus Airteagail 4, 5 agus 9 de Rialachán (AE) 2025/38., is ag Airteagail 4, 5 agus 9 den Rialachán sin a bheidh forlámhas agus beidh feidhm acu maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha sin.
I gcás Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, leagtar síos rialacha sonracha maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/38. I gcás coinbhleacht idir forálacha an Rialacháin seo agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/38, beidh forlámhas ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/35 agus beidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha sin.’ ;
(6)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:
‘Airteagal 19
Deontais
Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh.
Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas a dhámhachtain go díreach gan glao ar thograí do na Ballstáit arna roghnú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/38 agus an Cuibhreannas Óstach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2025/38, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais.
Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhámhachtain go díreach ar Bhallstáit gan glao ar thograí, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais.
Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2025/38, cuirfidh ECCC an Coimisiún agus ENISA ar an eolas faoi iarrataí ó na Ballstáit ar dheontais dhíreacha gan glao ar thograí.
Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18, de Rialachán (AE) 2025/38, agus i gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, féadfar na costais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mheas mar chostais incháilithe fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.’ ;
(7)
leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 24 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú
|
|
|
Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 26
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|