+Airteagal 47 Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú
---+Airteagal 47 1
---+Airteagal 47 2
---+Airteagal 47 3
---+Airteagal 47 4
---+Airteagal 47 5
---+Airteagal 47 6

Airteagal 47 Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1

1.   Déanfaidh an táirgeoir, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair nó, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, an eagraíocht um fhreagracht táirgeora a bhfuil sé curtha ar a hiontaoibh na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, iarratas ar údarú ón údarás inniúil maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh.

Airteagal 47 2

2.   Nuair a ghlactar bearta lena leagtar síos na rialacha riaracháin agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2), bunóidh na Ballstáit ceanglais agus mionsonraí an nós imeachta um údarú. D’fhéadfadh na ceanglais agus mionsonraí sin a bheith éagsúil maidir le hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann. Bunóidh na Ballstáit freisin na módúlachtaí chun comhlíonadh a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le soláthar ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeora chun na críche sin. Áireofar leis an nós imeachta údarúcháin ceanglais maidir le fíorú na socruithe a chuirfear i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a áirithiú, mar aon le frámaí ama don fhíorú sin, ar tréimhsí iad nach mbeidh níos faide ná 18 seachtaine ón dáta a chuirfear isteach sainchomhad iarratais iomlán. Féadfaidh údarás inniúil nó saineolaí neamhspleách an fíorú sin a dhéanamh agus eiseoidh siad tuarascáil fíorúcháin ar thoradh an fhíoraithe. Beidh an saineolaí neamhspleách sin neamhspleách ón údarás inniúil agus ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí nó na táirgeoirí údaraithe ar bhonn aonair.

Airteagal 47 3

3.   Aireofar leis na bearta, atá le bunú ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 2, bearta lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/CE á gcomhlíonadh;

(b)

gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm nó arna n-íoc ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun go bhféadfar gach dramhaíl ó phacáistíocht a aischur agus an dramhaíl sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5) agus Airteagal 50, saor in aisce do thomhaltóirí, le minicíocht atá comhréireach don limistéar agus don mhéid dramhaíola ó phacáistíocht a chumhdaítear, i ndáil le méid agus cineálacha na pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, arna gcur ar fáil ar chríoch Ballstáit den chéad uair ag an táirgeoir sin nó ag na táirgeoirí sin a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann, nó pacáistíocht arna díphacáil ag táirgeoir nó ag táirgeoirí den sórt sin gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh;

(c)

chuige sin tá na socruithe riachtanacha, lena n-áirítear na réamh-shocruithe, i bhfeidhm leis na dáileoirí, le húdaráis phoiblí nó le tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann;

(d)

tá an inniúlacht is gá maidir le sórtáil agus athchúrsáil ar fáil a áirithíonn go bhfuil an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear faoi réir réamh-chóireála agus athchúrsáil ardcháilíochta ina dhiaidh sin;

(e)

tá an ceanglas a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo á chomhlíonadh.

Airteagal 47 4

4.   Tabharfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis san iarratas ar údarú, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe nó faoi scor buan d’oibríochtaí. Ar cuid de na hathruithe nó na n-athruithe sin go léir ar tugadh fógra fúthu, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh an t-údarú a leasú.

Airteagal 47 5

5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh an t-údarú ábhartha a chúlghairm go háirithe mura gcomhlíonann an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a thuilleadh na ceanglais ar chóireáil dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú nó má mhainníonn sé oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora eile a chomhlíonadh faoi na scéimeanna a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus leis an Roinn seo, amhail tuairisciú don údarás inniúil nó i ndáil le fógra a thabhairt faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe, nó má scoir sé nó sí de bheith i mbun oibríochta.

Airteagal 47 6

6.   Déanfaidh an táirgeoir, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a gcuirtear an cúram orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, ráthaíocht leordhóthanach a chur ar fáil lena mbeartaítear na costais a chumhdach a bhaineann le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola atá dlite don táirgeoir, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora, lena n-áirítear i gcás ina scoirtear go buan dá oibríochtaí nó i gcás dócmhainneachta. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shonrú maidir leis an ráthaíocht sin. Féadfaidh an ráthaíocht sin a bheith i bhfoirm ciste phoiblí arna mhaoiniú le táillí táirgeoirí agus a bhfuil Ballstát faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ina leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.