+Airteagal 48 Córais aischuir agus bhailiúcháin
---+Airteagal 48 1
---+Airteagal 48 2
---+Airteagal 48 3
---+Airteagal 48 4
---+Airteagal 48 5
---+Airteagal 48 6
---+Airteagal 48 7

Airteagal 48 Córais aischuir agus bhailiúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar córais agus bonneagair chun foráil a dhéanamh d’aischur agus bailiúchán ar leithligh gach dramhaíola ó phacáistíocht ó na húsáideoirí deiridh chun a áirithiú go ndéanfar cóireáil uirthi i gcomhréir le hAirteagail 4, 10 agus 13 de Threoir 2008/98/CE, agus chun ullmhú na dramhaíola i gcomhair athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.

Pacáistíocht a chomhlíonann na critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ arna mbunú i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 6(4) den Rialachán seo, déanfar í a bhailiú lena hathchúrsáil. Beidh toirmeasc ar loscadh agus líonadh talún i ndáil le pacáistíocht den sórt sin, cé is moite de dhramhaíl a bheidh mar thoradh ar oibríochtaí cóireála iardain ar dhramhaíl ó phacáistíocht a bailíodh ar leithligh nach bhfuil athchúrsáil indéanta ina leith nó nach dtugann an athchúrsáil an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de.

Airteagal 48 2

2.   Chun athchúrsáil ardcháilíochta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córais agus bonneagair i bhfeidhm le haghaidh bailiú agus sórtáil chuimsitheach chun an athchúrsáil a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh bunábhar athchúrsála ar fáil. Féadfaidh córais agus bonneagair den sórt sin rochtain tosaíochta a thabhairt ar ábhair athchúrsáilte lena n-úsáid i bhfeidhmeanna ina gcaomhnófar nó ina n-aisghabhfar saincháilíocht an ábhair athchúrsáilte ionas gur féidir é a athchúrsáil a thuilleadh agus é a úsáid ar an mbealach céanna agus le haghaidh feidhm ghaolmhar, gan ach méid an-bheag cainníochta, cáilíochta nó feidhme a chailleadh.

Airteagal 48 3

3.   Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an oibleagáid aischuir agus bailithe dramhaíola ar leithligh i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh foirmeacha áirithe dramhaíola ar choinníoll nach ndéanann bailiú codán dramhaíola ó phacáistíocht i dteannta a chéile, nó bailiú dramhaíola ón bpacáistíocht sin nó codán dramhaíola ón bpacáistíocht den sórt sin in éineacht le dramhaíl eile difear d’acmhainneacht na pacáistíochta sin nó na gcodán dramhaíola ó phacáistíocht sin dul faoi ullmhú i gcomhair athúsáide, athchúrsála nó oibríochtaí aisghabhála eile i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 13 de Threoir 2008/98/CE agus go ngintear aschur ó na hoibríochtaí sin a bheidh ar cháilíocht a bheidh inchurtha leis an aschur a fhaightear trí bhailiú ar leithligh.

Airteagal 48 4

4.   Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú maidir le dramhaíl ó phacáistíocht nach ndéantar bailiúcháin ar leithligh uirthi, go ndéanfar í a shórtáil roimh dhiúscairt nó roimh oibríochtaí aisghabhála fuinnimh chun pacáistíocht a dearadh don athchúrsáil a bhaint.

Airteagal 48 5

5.   Maidir leis na córais agus bonneagair dá dtagraítear i mír 1:

(a)

beidh siad oscailte do rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha na n-earnálacha lena mbaineann, na n-údarás poiblí inniúil agus na dtríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann;

(b)

cumhdófar leo críoch iomlán an Bhallstáit agus gach dramhaíl ó phacáistíocht ó gach cineál pacáistíochta agus gníomhaíochta, agus cuirfear san áireamh iontu méid an daonra, méid agus comhdhéanamh ionchasach na dramhaíola ó phacáistíocht, chomh maith le hinrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh; áireofar leo an bailiúchán ar leithligh i spásanna poiblí, in áitribh ghnó agus i limistéir chónaitheacha, agus beidh acmhainneacht leordhóthanach iontu;

(c)

beidh siad oscailte do tháirgí a dhéanfar a allmhairiú faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, go háirithe, maidir leis na socruithe mionsonraithe agus aon taraifí a dhéanfar a fhorchur chun rochtain a fháil, agus déanfar iad a dhearadh ionas go ndéanfar bacainní ar thrádáil nó saobhadh iomaíochta a sheachaint.

Airteagal 48 6

6.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras bainistithe dramhaíola poiblí bheith rannpháirteach in eagrú na gcóras dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 48 7

7.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun athchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht a chur chun cinn lena gcomhlíontar na caighdeáin cháilíochta maidir le húsáid ábhar athchúrsáilte in earnálacha ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.