2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an Rialachán seo a leasú trí Iarscríbhinn I a leasú trí phríomh-shaintréithe na gcatagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear i mír 1 a chur leis, a mhodhnú nó a bhaint, ar choinníoll gurb é is aidhm do na leasuithe catagóirí tosaíochta na sonraí leictreonacha sláinte pearsanta a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla agus caighdeáin idirnáisiúnta. Thairis sin, comhlíonfaidh breisithe agus modhnuithe ar na saintréithe sin an dá chritéar seo araon a leanas:
|
(a)
|
tá an tsaintréith ábhartha maidir le cúram sláinte a sholáthraítear do dhaoine nádúrtha;
|
|
(b)
|
úsáidtear an tsaintréith i bhformhór na mBallstát de réir na faisnéise is déanaí.
|