+Airteagal 14 Catagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte le haghaidh úsáid phríomhúil
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2

Airteagal 14 Catagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte le haghaidh úsáid phríomhúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1

1.   Chun críocha na Caibidle seo, i gcás ina bpróiseáiltear sonraí i bhformáid leictreonach, is iad seo a leanas na catagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte a bheidh ann:

(a)

achoimrí ar an othar;

(b)

ríomhoidis;

(c)

ríomhdháiltí;

(d)

staidéir íomháithe leighis agus tuarascálacha gaolmhara ar íomháú;

(e)

torthaí tástálacha leighis, lena n-áirítear torthaí saotharlainne agus torthaí diagnóiseacha eile agus tuarascálacha gaolmhara; agus

(f)

tuarascálacha ar scaoileadh amach as an ospidéal.

Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad a bheidh príomh-shaintréithe na gcatagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte le haghaidh úsáid phríomhúil.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta go ndéantar catagóirí breise de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte a rochtain agus a mhalartú le haghaidh úsáid phríomhúil de bhun na Caibidle seo.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí trasteorann a leagan síos le haghaidh na gcatagóirí de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo de bhun Airteagal 15(3) agus Airteagal 23(8). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Airteagal 14 2

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an Rialachán seo a leasú trí Iarscríbhinn I a leasú trí phríomh-shaintréithe na gcatagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear i mír 1 a chur leis, a mhodhnú nó a bhaint, ar choinníoll gurb é is aidhm do na leasuithe catagóirí tosaíochta na sonraí leictreonacha sláinte pearsanta a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla agus caighdeáin idirnáisiúnta. Thairis sin, comhlíonfaidh breisithe agus modhnuithe ar na saintréithe sin an dá chritéar seo araon a leanas:

(a)

tá an tsaintréith ábhartha maidir le cúram sláinte a sholáthraítear do dhaoine nádúrtha;

(b)

úsáidtear an tsaintréith i bhformhór na mBallstát de réir na faisnéise is déanaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.