+Airteagal 54 Toirmeasc ar úsáid thánaisteach
---+Airteagal 54 2
---+Airteagal 54 (a)
---+Airteagal 54 (b)
---+Airteagal 54 (c)
---+Airteagal 54 (d)
---+Airteagal 54 (e)

Airteagal 54 Toirmeasc ar úsáid thánaisteach

Ní dhéanfaidh úsáideoirí sonraí sláinte sonraí leictreonacha sláinte a phróiseáil le haghaidh úsáid thánaisteach ach amháin ar bhonn na gcríoch agus i gcomhréir leis na críocha atá i gcead sonraí arna eisiúint de bhun Airteagal 68, iarrataí ar shonraí sláinte arna bhformheas de bhun Airteagal 69 nó, i staideanna dá dtagraítear in Airteagal 67(3), formheas rochtana ón rannpháirtí údaraithe ábhartha in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagal 75.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 2

Go háirithe, toirmiscfear rochtain a iarraidh ar shonraí leictreonacha sláinte agus iad a phróiseáil, ar sonraí iad a gheofar trí chead sonraí arna eisiúint de bhun Airteagal 68 nó iarraidh ar shonraí sláinte arna formheas de bhun Airteagal 69 le haghaidh na n-úsáidí seo a leanas:

Airteagal 54 (a)

cinntí a dhéanamh a dhéanfadh dochar do dhuine nádúrtha nó do ghrúpa daoine nádúrtha bunaithe ar a sonraí leictreonacha sláinte; chun cáiliú mar ‘cinntí’ chun críocha an phointe seo, ní mór dóibh éifeachtaí dlíthiúla, sóisialta nó eacnamaíocha a bheith acu nó difear suntasach a dhéanamh, ar an gcuma chéanna, do na daoine nádúrtha sin;

Airteagal 54 (b)

cinntí a dhéanamh maidir le duine nádúrtha nó le grúpa daoine nádúrtha i ndáil le tairiscintí poist, téarmaí is lú fabhar a thairiscint i soláthar earraí nó seirbhísí, lena n-áirítear daoine nó grúpaí den sórt sin a eisiamh ó shochar conartha árachais nó creidmheasa, modhnú a dhéanamh ar a ranníocaíochtaí agus a bpréimheanna árachais nó a gcoinníollacha iasachtaí, nó aon chinntí eile a dhéanamh maidir le duine nádúrtha nó le grúpa daoine nádúrtha a fhágann go ndéantar leatrom orthu ar bhonn na sonraí sláinte arna bhfáil;

Airteagal 54 (c)

gníomhaíochtaí fógraíochta nó margaíochta a dhéanamh;

Airteagal 54 (d)

táirgí nó seirbhísí a fhorbairt a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do dhaoine aonair, don tsláinte phoiblí nó don tsochaí i gcoitinne, amhail drugaí aindleathacha, deochanna alcólacha, táirgí tobac agus nicitín, armra nó táirgí nó seirbhísí atá deartha nó modhnaithe ar bhealach a fhágann go gcruthaítear andúil nó go sáraítear ord poiblí nó go gcruthaítear riosca do shláinte an duine leo;

Airteagal 54 (e)

gníomhaíochtaí a dhéanamh atá ar neamhréir le forálacha eiticiúla a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.