+Airteagal 71 4
|
Airteagal 71 4
4. Mar eisceacht ar an gceart maidir le rogha gan a bheith páirteach dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh ina dhlí náisiúnta maidir le sásra chun sonraí, ar feidhmíodh ceart maidir le rogha gan a bheith páirteach ina leith a chur ar fáil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a)
|
is comhlacht earnála poiblí nó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil sainordú cúraimí a dhéanamh i réimse na sláinte poiblí, nó eintiteas eile a bhfuil sé de chúram air cúraimí poiblí a dhéanamh i réimse na sláinte poiblí, nó a ghníomhaíonn thar ceann údarás poiblí nó arna choimisiúnú ag údarás poiblí, a thíolacann an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó iarraidh ar shonraí sláinte, nuair is gá na sonraí sin a phróiseáil le haghaidh aon cheann de na críocha seo a leanas:
|
(i)
|
na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a), (b) agus (c);
|
|
(ii)
|
taighde eolaíoch ar mhaithe le cúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;
|
|
|
(b)
|
ní féidir na sonraí a fháil trí mhodh malartach ar bhealach tráthúil agus éifeachtach faoi choinníollacha coibhéiseacha;
|
|
(c)
|
sholáthair an t-iarratasóir ar shonraí sláinte an réasúnú dá dtagraítear in Airteagal 68(1), pointe (g), nó in Airteagal 69(2), pointe (f).
|
Leis an dlí náisiúnta lena bhforáiltear do shásra den sórt sin, déanfar foráil maidir le bearta sonracha agus oiriúnacha chun cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha a chosaint.
I gcás ina bhfuil foráil déanta ag Ballstát ina dhlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht rochtain a iarraidh ar shonraí ar ina leith a feidhmíodh ceart maidir le rogha gan bheith páirteach agus ina gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear sa mhír seo, féadfar na sonraí sin a chur san áireamh agus na cúraimí faoi Airteagal 57(1), pointí (a)(i), (a)(ii) agus (b) á ndéanamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|