+Airteagal 71 An ceart chun roghnú gan bheith páirteach i bpróiseáil sonraí leictreonacha pearsanta sláinte le haghaidh úsáid thánaisteach
---+Airteagal 71 1
---+Airteagal 71 2
---+Airteagal 71 3
---+Airteagal 71 4
---+Airteagal 71 5
---+Airteagal 71 6
---+Airteagal 71 7
---+Airteagal 71 8

Airteagal 71 An ceart chun roghnú gan bheith páirteach i bpróiseáil sonraí leictreonacha pearsanta sláinte le haghaidh úsáid thánaisteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 71 1

1.   Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha roghnú gan bheith páirteach tráth ar bith, agus gan aon chúis a thabhairt, i bpróiseáil sonraí leictreonacha sláinte pearsanta a bhaineann leo le haghaidh úsáid thánaisteach faoin Rialachán seo. Beidh feidhmiú an chirt sin inchúlaithe.

Airteagal 71 2

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le sásra um rogha gan a bheith páirteach a bheidh inrochtana agus sothuigthe chun an ceart arna bhunú i mír 1 a fheidhmiú, lenar féidir le daoine nádúrtha a shonrú go sainráite nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte próiseáilte le haghaidh úsáid thánaisteach.

Airteagal 71 3

3.   A luaithe a bheidh an ceart chun rogha an diúltaithe feidhmithe ag daoine nádúrtha gan a bheith páirteach, agus i gcás inar féidir sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a bhaineann leo a shainaithint i dtacar sonraí, ní dhéanfar sonraí leictreonacha sláinte pearsanta a bhaineann leis na daoine nádúrtha sin a chur ar fáil ná a phróiseáil ar bhealach eile de bhun ceadanna sonraí arna n-eisiúint faoi Airteagal 68 ná iarrataí ar shonraí sláinte faoi Airteagal 69 arna bhformheas tar éis don duine nádúrtha an ceart chun rogha an diúltaithe a roghnú gan a bheith páirteach.

Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír den mhír seo difear do phróiseáil sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a bhaineann leis na daoine nádúrtha sin le haghaidh úsáid thánaisteach de bhun ceadanna sonraí nó iarrataí ar shonraí a eisíodh nó a formheasadh sular d’fheidhmigh na daoine nádúrtha a gceart gan a bheith páirteach.

Airteagal 71 4

4.   Mar eisceacht ar an gceart maidir le rogha gan a bheith páirteach dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh ina dhlí náisiúnta maidir le sásra chun sonraí, ar feidhmíodh ceart maidir le rogha gan a bheith páirteach ina leith a chur ar fáil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is comhlacht earnála poiblí nó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil sainordú cúraimí a dhéanamh i réimse na sláinte poiblí, nó eintiteas eile a bhfuil sé de chúram air cúraimí poiblí a dhéanamh i réimse na sláinte poiblí, nó a ghníomhaíonn thar ceann údarás poiblí nó arna choimisiúnú ag údarás poiblí, a thíolacann an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó iarraidh ar shonraí sláinte, nuair is gá na sonraí sin a phróiseáil le haghaidh aon cheann de na críocha seo a leanas:

(i)

na críocha dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a), (b) agus (c);

(ii)

taighde eolaíoch ar mhaithe le cúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

(b)

ní féidir na sonraí a fháil trí mhodh malartach ar bhealach tráthúil agus éifeachtach faoi choinníollacha coibhéiseacha;

(c)

sholáthair an t-iarratasóir ar shonraí sláinte an réasúnú dá dtagraítear in Airteagal 68(1), pointe (g), nó in Airteagal 69(2), pointe (f).

Leis an dlí náisiúnta lena bhforáiltear do shásra den sórt sin, déanfar foráil maidir le bearta sonracha agus oiriúnacha chun cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha a chosaint.

I gcás ina bhfuil foráil déanta ag Ballstát ina dhlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht rochtain a iarraidh ar shonraí ar ina leith a feidhmíodh ceart maidir le rogha gan bheith páirteach agus ina gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear sa mhír seo, féadfar na sonraí sin a chur san áireamh agus na cúraimí faoi Airteagal 57(1), pointí (a)(i), (a)(ii) agus (b) á ndéanamh.

Airteagal 71 5

5.   Le rialacha maidir le haon sásra chun eisceachtaí dá bhforáiltear faoi mhír 4 a chur chun feidhme mar eisceacht ar mhír 1 urramófar bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus beidh siad ina mbeart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun críocha leas an phobail a chomhlíonadh i réimse na gcuspóirí dlisteanacha eolaíocha agus sochaíocha.

Airteagal 71 6

6.   Comhlíonfaidh aon phróiseáil a dhéantar i gcomhréir le sásra chun eisceachtaí a chur chun feidhme dá bhforáiltear faoi mhír 4 den Airteagal seo ceanglais na Caibidle seo, go háirithe an toirmeasc ar dhaoine nádúrtha a ath-shainaithint nó iarracht a dhéanamh iad a ath-shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 61(3). Aon bheart reachtach lena bhforáiltear do shásra sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, áireofar forálacha sonracha maidir le sábháilteacht agus cosaint ceart daoine nádúrtha.

Airteagal 71 7

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi na forálacha ina ndlí náisiúnta a ghlacfaidh siad de bhun mhír 4 agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 71 8

8.   Maidir leis na críocha ar chucu a phróiseálann sealbhóir sonraí sláinte sonraí leictreonacha sláinte pearsanta, nuair nach n-éilítear leo, nó nuair nach n-éilítear leo a thuilleadh, go sainaithneoidh an rialaitheoir ábhar sonraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an sealbhóir sonraí sláinte sin tuilleadh faisnéise a choinneáil, a fháil nó a phróiseáil ar mhaithe leis an ábhar sonraí a shainaithint chun an ceart chun roghnú gan a bheith páirteach faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, agus chun na críche sin amháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.