+Airteagal 78 3
|
Airteagal 78 3
3. Cumhdóidh an lipéad cáilíochta agus áirgiúlachta sonraí na heilimintí seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
|
(a)
|
maidir le doiciméadacht sonraí: meiteashonraí, doiciméadacht tacaíochta, an foclóir sonraí, an fhormáid agus na caighdeáin a úsáidtear, foinse na sonraí, agus i gcás inarb infheidhme, samhail sonraí;
|
|
(b)
|
maidir le measúnú a dhéanamh ar an gcáilíocht theicniúil: iomláine, uathúlacht, cruinneas, bailíocht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí;
|
|
(c)
|
maidir le próisis bainistíochta cáilíochta sonraí: leibhéal aibíochta na bpróiseas bainistíochta cáilíochta sonraí, lena n-áirítear próisis athbhreithnithe agus iniúchóireachta, agus scrúdú claontachta;
|
|
(d)
|
maidir le measúnú a dhéanamh ar chumhdach: an tréimhse, cumhdach daonra agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaíochas an daonra a shampláiltear, agus an mheántréimhse ama ina léirítear duine nádúrtha i dtacar sonraí;
|
|
(e)
|
maidir le faisnéis ar rochtain agus soláthar: an t-am idir bailiú na sonraí leictreonacha sláinte agus an uair a chuirtear iad leis an tacar sonraí agus an t-am is gá chun sonraí leictreonacha sláinte a sholáthar tar éis cead sonraí nó ar iarratas ar shonraí sláinte a eisiúint;
|
|
(f)
|
maidir le faisnéis ar mhodhnuithe sonraí: sonraí a chumasc agus a chur le tacar sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear naisc le tacair sonraí eile;
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|