+Airteagal 89 3
|
Airteagal 89 3
3. In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é údarás sláinte digití, comhlacht rochtana sonraí sláinte nó úsáideoir sonraí sláinte é nó í seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse tríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír lena gceanglaítear orthu sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas a aistriú nó rochtain a thabhairt orthu faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí cinneadh nó breithiúnas den sórt sin, go mbeadh baol ann go gcuirfí an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní aistreofar na sonraí sin chuig an údarás cúirte, binse nó riaracháin de chuid tríú tír sin ná ní sholáthrófar rochtain dó orthu ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:
|
(a)
|
ceanglaítear leis an gcóras dlí tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht cinnidh nó breithiúnais den sórt sin agus ceanglaítear leis gur de chineál sonrach é an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó le sáruithe áirithe;
|
|
(b)
|
tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt nó binse inniúil tríú tír; agus
|
|
(c)
|
tugtar de chumhacht don chúirt nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh ó údarás riaracháin de réir dhlí náisiúnta an tríú tír sin aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlíthiúla an tsoláthraí sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|