+Airteagal 91 Iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus iarrataí ar shonraí sláinte ó thríú tíortha
---+Airteagal 91 1
---+Airteagal 91 2
---+Airteagal 91 3
|
Airteagal 91 Iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus iarrataí ar shonraí sláinte ó thríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 91 1
|
1. Gan dochar d’Airteagail 67, 68 agus 69, beidh iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus iarrataí ar shonraí sláinte arna gcur isteach ag úsáideoir sonraí sláinte atá bunaithe i dtríú tír incháilithe le haghaidh breithniú ag comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus seirbhís rochtana sonraí sláinte an Aontais sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
más rannpháirtí údaraithe ar an mbonn go bhfuil pointe teagmhála náisiúnta le haghaidh úsáid thánaisteach ag an tríú tír lena mbaineann atá cumhdaithe ag gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 75(5); nó
|
|
(b)
|
má cheadaíonn an tríú tír lena mbaineann d’iarratasóirí ar shonraí sláinte an Aontais rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha sláinte sa tríú tír sin faoi choinníollacha nach bhfuil níos sriantaí ná na coinníollacha sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus, dá bhrí sin, cumhdaítear rochtain den sórt sin le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír (2) den Airteagal seo.
|
|
|
Airteagal 91 2
|
2. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcomhlíonann tríú tír an ceanglas a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2). Déanfaidh an Coimisiún an liosta de na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun na míre seo a chur ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 91 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus déanfaidh sé foráil maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo.
I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann tríú tír an ceanglas a leagtar síos i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n-aisghairtear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann leis an tríú tír sin a bhaineann tairbhe as rochtain. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|