+Airteagal 94 2
|
Airteagal 94 2
2. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Bhord EHDS maidir le húsáid thánaisteach i gcomhréir le Caibidil IV:
|
(a)
|
cuidiú leis na Ballstáit cleachtais comhlachtaí rochtana sonraí sláinte a chomhordú i gcur chun feidhme na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil IV, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú;
|
|
(b)
|
aighneachtaí i scríbhinn a eisiúint agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le hábhair a bhaineann le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal na mBallstát agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
cur chun feidhme na rialacha maidir le rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(ii)
|
sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IV;
|
|
(iii)
|
dreasachtaí chun feabhas ar cháilíocht sonraí agus ar idir-inoibritheacht sonraí a chur chun cinn;
|
|
(iv)
|
beartais maidir le táillí a bheidh le gearradh ag na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus ag sealbhóirí sonraí sláinte;
|
|
(v)
|
bearta chun sonraí pearsanta gairmithe sláinte a chosaint, ar gairmithe iad a bhfuil baint acu le cóireáil daoine nádúrtha;
|
|
(vi)
|
gnéithe eile d’úsáid thánaisteach;
|
|
|
(c)
|
treoirlínte a chruthú, i gcomhairle agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe na n-othar, gairmithe sláinte agus taighdeoirí, chun cabhrú le húsáideoirí sonraí sláinte a ndualgais faoi Airteagal 61(5) a chomhlíonadh, agus go háirithe chun a chinneadh an bhfuil a dtorthaí suntasach go cliniciúil;
|
|
(d)
|
comhar a éascú idir comhlachtaí rochtana sonraí sláinte trí fhothú acmhainneachta, struchtúr a bhunú le haghaidh tuairisciú gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59(1) agus an malartú faisnéise;
|
|
(e)
|
faisnéis a chomhroinnt maidir le rioscaí agus teagmhais a bhaineann le húsáid thánaisteach, mar aon le rioscaí agus teagmhais den sórt sin a láimhseáil;
|
|
(f)
|
malartú tuairimí maidir le húsáid thánaisteach a éascú le fóram na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 93, chomh maith le sealbhóirí sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí sláinte, rialálaithe agus an lucht ceaptha beartas san earnáil sláinte.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|