+Airteagal 95 Grúpaí Stiúrtha le haghaidh MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus SonraíSláinte@AE (HealthData@EU)
---+Airteagal 95 1
---+Airteagal 95 2
---+Airteagal 95 3
---+Airteagal 95 4
---+Airteagal 95 5
---+Airteagal 95 6
---+Airteagal 95 7
---+Airteagal 95 8

Airteagal 95 Grúpaí Stiúrtha le haghaidh MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus SonraíSláinte@AE (HealthData@EU)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 95 1

1.   Bunaítear leis seo an grúpa stiúrtha MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus an grúpa Stiúrtha SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) (‘na grúpaí stiúrtha’)le haghaidh na mbonneagar trasteorann dá bhforáiltear in Airteagail 23 agus 75. Beidh gach grúpa stiúrtha comhdhéanta d’ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit arna cheapadh ó na pointí teagmhála náisiúnta ábhartha.

Airteagal 95 2

2.   Déanfaidh na grúpaí stiúrtha cinntí oibríochtúla maidir le forbairt agus oibriú MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 75.

Airteagal 95 3

3.   Déanfaidh na grúpaí stiúrtha cinntí trí chomhthoil. I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, déanfar cinneadh a ghlacadh le dá thrian de na comhaltaí. Maidir le cinntí a ghlacadh, beidh vóta amháin ag gach Ballstát.

Airteagal 95 4

4.   Déanfaidh na grúpaí stiúrtha rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena leagfar amach a gcomhdhéanamh, a n-eagrú, a bhfeidhmiú agus a gcomhar.

Airteagal 95 5

5.   Féadfar cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe údaraithe eile faisnéis agus tuairimí a mhalartú maidir le hábhair ábhartha a bhaineann le MoShláinte@AE (MyHealth@EU) agus SonraíSláinte@AE (HealthData@EU). I gcás ina dtabharfar cuireadh do na rannpháirtithe údaraithe sin, beidh ról breathnóra acu.

Airteagal 95 6

6.   Féadfar cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí agus do thríú páirtithe ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe othar, ionadaithe gairmithe sláinte, ionadaithe tomhaltóirí agus ionadaithe tionscail, freastal ar chruinnithe na ngrúpaí stiúrtha mar bhreathnóirí.

Airteagal 95 7

7.   Toghfaidh na grúpaí stiúrtha cathaoirligh dá gcruinnithe.

Airteagal 95 8

8.   Tabharfaidh rúnaíocht a sholáthraíonn an Coimisiún cúnamh do na grúpaí stiúrtha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.