4. Féadfaidh gníomhaíochtaí tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás inar gníomhaíochtaí iad ar bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu faoi Chlár Euratom 2026-2027 má chomhlíonann an ghníomhaíocht na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
(a)
|
rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi Chlár Euratom 2026-2027;
|
|
(b)
|
comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;
|
|
(c)
|
ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.
|