+Airteagal 10 Creat chun rioscaí a bhainistiú go huileghabhálach
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
|
Airteagal 10 Creat chun rioscaí a bhainistiú go huileghabhálach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Déanfaidh oibreoir SIPS creat bainistithe riosca fónta a bhunú agus a choimeád chun an raon rioscaí a thagann chun cinn sa SIPS nó a iompraíonn an SIPS a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus a chur faoi fhaireachán go huileghabhálach. Athbhreithneoidh sé an creat bainistithe riosca go bliantúil ar a laghad. Maidir leis an gcreat bainistithe riosca:
|
(a)
|
beidh ar áireamh ann beartas an oibreora SIPS maidir le lamháltas riosca agus uirlisí bainistithe riosca iomchuí;
|
|
(b)
|
sannfar leis na freagrachtaí agus an chuntasacht as cinntí riosca;
|
|
(c)
|
leagfar amach ann an modh cinnteoireachta i gcásanna éigeandála a bhaineann le SIPS, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do leachtacht an mhargaidh agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon Bhallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige agus ina bhfuil an t-oibreoir SIPS nó ceann de na rannpháirtithe bunaithe.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Cuirfidh oibreoir SIPS dreasachtaí ar fáil do rannpháirtithe agus, i gcás inarb ábhartha, dá gcustaiméirí chun na rioscaí a bhaineann leo agus a iompraíonn siad ón SIPS a bhainistiú agus a theorannú. Maidir le rannpháirtithe, áireofar ar na dreasachtaí sin córas pionós airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach nó socruithe um chaillteanais chomhroinnte, nó iad sin araon.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Déanfaidh oibreoir SIPS athbhreithniú, uair sa bhliain ar a laghad, ar na rioscaí ábhartha a sheasann SIPS ó eintitis eile agus a chruthaíonn sé d’eintitis eile, lena n-áirítear, inter alia, BMAnna, bainc shocraíochta, soláthraithe leachtachta agus soláthraithe seirbhíse, mar thoradh ar idirthuilleamaíochtaí. Forbróidh an t-oibreoir SIPS uirlisí bainistithe riosca atá téagartha agus comhréireach leis an leibhéal riosca a sainaithníodh.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Saineoidh oibreoir SIPS feidhmeanna, oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla an SIPS. Sainaithneoidh oibreoir SIPS cásanna féideartha sonracha ina bhféadfaí cosc a chur air na hoibríochtaí agus na seirbhísí criticiúla sin a sholáthar mar ghnóthas leantach agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht na roghanna uile maidir le téarnamh agus, cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, maidir le clabhsúr ordúil. Déanfaidh sé athbhreithniú ar oibríochtaí criticiúla agus ar sheirbhísí criticiúla an SIPS uair sa bhliain ar a laghad. Bunaithe ar an measúnú sin, ullmhóidh oibreoir SIPS plean inmharthana le haghaidh théarnamh an SIPS agus, cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, le haghaidh clabhsúr ordúil. Áireofar sa phlean le haghaidh téarnaimh nó le haghaidh clabhsúr ordúil, inter alia, achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh agus clabhsúir ordúil, athráiteas i dtaobh oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla an SIPS, agus cur síos ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme. Soláthróidh oibreoir SIPS do na húdaráis ábhartha, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis is gá le haghaidh pleanáil réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|