1. Bunóidh oibreoir SIPS sainmhíniú ar mhainneachtain rannpháirtí i rialacha agus nósanna imeachta an SIPS, lena n-áireofar, ar a laghad, mainneachtain rannpháirtí a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh nuair a bheidh siad dlite, de thoradh, inter alia, cúiseanna oibríochtúla, sárú comhaontaithe, nó tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí sin. Déanfaidh oibreoir SIPS idirdhealú idir mainneachtain uathoibríoch agus mainneachtain lánroghnach. I gcás mainneachtain lánroghnach, sonróidh an t-oibreoir SIPS cé acu eintiteas a fheidhmeoidh an lánrogha sin. Athbhreithneoidh sé an sainmhíniú sin uair sa bhliain ar a laghad.