2. Maidir leis na critéir rochtana agus rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1, tabharfar údar cuí leo ó thaobh shábháilteacht agus éifeachtúlacht an SIPS agus na margaí ar a bhfreastalaíonn sé, agus beidh siad saincheaptha do rioscaí sonracha an SIPS agus i gcomhréir leis na rioscaí sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, socróidh oibreoir SIPS ceanglais lena gcuirfear a laghad sriain is féidir ar rochtain. Má dhiúltaíonn oibreoir SIPS rochtain a thabhairt d’eintiteas a bhfuil iarraidh ar rochtain agus rannpháirtíocht déanta aige, tabharfaidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn, bunaithe ar anailís chuimsitheach riosca.