2. Tabharfaidh iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad sainordú i scríbhinn don ionadaí údaraithe gníomhú thar a gceann chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 3(2) agus (3), Airteagal 5(6), an tríú fomhír, agus Airteagal 15(1) den Rialachán seo. Féadfar dul i dteagmháil le hionadaí údaraithe den sórt sin de bhreis ar dhul i dteagmháil leis na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad nó ina n-ionad. Ní bheidh sainordú an ionadaí údaraithe bailí go dtí go nglacfaidh an t-ionadaí údaraithe i scríbhinn leis. Beidh ainmniú ionadaí údaraithe gan dochar do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne na n-iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad.