1. Tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, gan mhoill, maidir le haon staidéir a ghineann sonraí ceimiceán agus a choimisiúnaíonn siad chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála ar tugadh fógra ina leith nó a cuireadh faoi bhráid Údaráis, chomh maith le haon staidéir maidir le ceimiceáin astu féin nó i dtáirgí a choimisiúnaíonn oibreoirí gnó mar chuid de mheasúnú riosca faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1, a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ní thabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo faoi staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.