6. I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an nglantach nó an dromchlaghníomhaí a chur ar a margadh náisiúnta, chun é a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, i dtaobh aon bhearta a dhéanfaidh siad faoin gcéad fhomhír. Leis an bhfaisnéis sin, áireofar na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí sin is gá chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí sin, cineál an neamhchomhlíonta atá á líomhain, an riosca atá i gceist, maille le cineál agus fad na mbeart a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha.