4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 4 chun:
|
(a)
|
na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus na modhanna tástála comhfhreagracha le haghaidh dromchlaghníomhaithe nó dromchlaghníomhaithe atá i nglantaigh a leasú;
|
|
(b)
|
critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála comhfhreagracha a leagan amach le haghaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó seachas dromchlaghníomhaithe; nó
|
|
(c)
|
eisceachtaí a leagan amach lena n-údaraítear úsáid theoranta a bhaint as substaintí orgánacha sonracha i nglantaigh nach gcomhlíonann na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a leagtar síos i gcomhréir le pointe (b), i gcás ina bhfuil údar cuí leis.
|
Faoin 23 Márta 2029, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar amach critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála le haghaidh sceo agus polaiméirí laistigh de sceo.
Faoin 23 Márta 2031, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar amach critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála le haghaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó i dtiúchan 10 % w/w, ar a laghad, de mhais iomlán na substaintí, seachas uisce, i nglantaigh, nach dromchlaghníomhaithe, sceo ná polaiméirí laistigh de sceo iad.