10. Faoin 1 Deireadh Fómhair 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí na ceanglais shonracha maidir le lipéadú digiteach glantach a chinneadh. Suífear leis na ceanglais sin ar a laghad na cineálacha réitigh IT a fhéadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáid, agus na bealaí malartacha chun an fhaisnéis ar an lipéad digiteach dá dtagraítear in Airteagal 19 a sholáthar.
Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
nach gcuirfidh an gá atá leis an lipéadú digiteach isteach ar shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh agus ar an gcomhshaol;
|
|
(b)
|
comhleanúnachas le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais;
|
|
(c)
|
an gá atá leis an nuálaíocht a spreagadh;
|
|
(d)
|
neodracht theicneolaíoch a shaintréithrítear leis an easpa srianta nó saintreoracha ar roghanna teicneolaíochta nó trealaimh, laistigh de theorainneacha na comhoiriúnachta agus na seachanta trasnaíochta; agus
|
|
(e)
|
leibhéal na hullmhachta digití ar fud gach grúpa daonra san Aontas, chomh maith le hullmhacht an bhonneagair gan sreang agus an bhonneagair teicneolaíochta eile is gá chun rochtain gan teorainn a thabhairt ar an bhfaisnéis ar cheimiceáin agus ar dhromchlaghníomhaithe.
|