+2. Seachfhoinsiú
|
2. Seachfhoinsiú
2. Seachfhoinsiú I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú chun rátáil ESG a sholáthar, áiritheoidh an soláthraí rátála ESG go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;
|
|
(b)
|
déanann an soláthraí rátála ESG gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach go bhféadfadh sé nach bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;
|
|
(c)
|
coimeádann an soláthraí rátála ESG an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;
|
|
(d)
|
nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don soláthraí rátála ESG a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;
|
|
(e)
|
is féidir leis an soláthraí rátála ESG deireadh a chur leis na socruithe seachfhoinsithe i gcás inar gá;
|
|
(f)
|
déanann an soláthraí rátála ESG bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun go seachnófaí riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear rátálacha ESG.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|