+IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS EAGRAÍOCHTÚLA
---+1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil
---+2. Seachfhoinsiú

IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS EAGRAÍOCHTÚLA

IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS EAGRAÍOCHTÚLA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil

1.   Faisnéis maidir le taifid a choinneáil

Coimeádfaidh soláthraithe rátála ESG taifid maidir leis na nithe seo a leanas ar fad:

(a)

maidir le gach rátáil ESG, i gcás inarb infheidhme:

(i)

céannacht na n-anailísithe rátála a bheidh páirteach i socrú na rátála ESG, céannacht na ndaoine a fhormheasann rátáil ESG, faisnéis maidir le cé acu a iarradh nó nár iarradh an rátáil ESG, agus an dáta a glacadh gníomhaíocht rátála ESG;

(ii)

céannacht na ndaoine atá freagrach as forbairt na modheolaíochta riailbhunaithe, agus céannacht na ndaoine a fhormheasann an mhodheolaíocht rátála;

(b)

na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon mhír rátáilte nó eisitheoir na míre rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha ESG;

(c)

na taifid chuntais do gach úsáideoir rátálacha ESG;

(d)

na taifid lena dtugtar tuairisc ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí rátála bunaithe a úsáideann an soláthraí rátála ESG chun rátálacha ESG a chinneadh;

(e)

na taifid inmheánacha agus an chumarsáid sheachtrach agus na comhaid sheachtracha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála ESG a ghlactar;

(f)

taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir an soláthraí rátála ESG chun feidhme chun an Rialachán sin a chomhlíonadh;

(g)

an mhodheolaíocht a úsáidtear chun rátáil ESG a chinneadh;

(h)

athruithe ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha nó aon imeacht uathu;

(i)

gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach.

2. Seachfhoinsiú

2.   Seachfhoinsiú

I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú chun rátáil ESG a sholáthar, áiritheoidh an soláthraí rátála ESG go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;

(b)

déanann an soláthraí rátála ESG gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach go bhféadfadh sé nach bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;

(c)

coimeádann an soláthraí rátála ESG an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(d)

nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don soláthraí rátála ESG a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;

(e)

is féidir leis an soláthraí rátála ESG deireadh a chur leis na socruithe seachfhoinsithe i gcás inar gá;

(f)

déanann an soláthraí rátála ESG bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun go seachnófaí riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear rátálacha ESG.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.