+1. Íosnochtaí don phobal
|
1. Íosnochtaí don phobal
1. Íosnochtaí don phobal I gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo, nochtfaidh soláthraithe rátála ESG, an méid seo a leanas, ar a laghad, don phobal ar a suíomh gréasáin agus tríd an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP):
|
(a)
|
forbhreathnú ar na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear agus ar athruithe orthu, lena n-áirítear cibé acu atá anailís siarbhreathnaitheach nó réamhbhreathnaitheach agus an tréimhse ama arna cumhdach;
|
|
(b)
|
an t-aicmiú tionscail a úsáideadh;
|
|
(c)
|
forléargas ar fhoinsí sonraí, lena n-áirítear i dtaobh an bhfaightear sonraí ó ráitis inbhuanaitheachta a cheanglaítear faoi Threoir 2013/34/AE nó ó fhaisnéis a nochtar faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus i dtaobh an bhfuil na foinsí poiblí nó neamhphoiblí agus forléargas ar phróisis sonraí, meastachán ar shonraí ionchuir i gcás nach bhfuil siad ar fáil agus minicíocht nuashonruithe sonraí;
|
|
(d)
|
struchtúr úinéireachta an tsoláthraí rátála ESG;
|
|
(e)
|
faisnéis i dtaobh an bhfuil na modheolaíochtaí rátála bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus an chaoi a bhfuil na modheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise eolaíoch;
|
|
(f)
|
faisnéis faoi chuspóir soiléir agus marcáil shoiléir na rátálacha ESG i dtaobh an bhfuil rioscaí, tionchair, nó iad araon á measúnú ag an rátáil, de réir phrionsabal na hábharthachta dúbailte, nó de réir aon toise eile, agus i gcás inarb ann d’ábharthacht dhúbailte, cion na hábharthachta riosca agus tionchair;
|
|
(g)
|
raon feidhme na rátála ESG, eadhon i dtaobh an gcumhdaítear léi fachtóir aonair E, S, nó G nó an fachtóir comhiomlánaithe rátála E, S agus G atá inti, nó an gcumhdaítear léi saincheisteanna sonracha amhail rioscaí aistrithe;
|
|
(h)
|
i gcás rátáil chomhiomlánaithe ESG, ualú na dtrí chatagóir uileghabhálacha d’fhachtóirí E, S agus G (e.g. 33 % le haghaidh na fachtóra E, 33 % le haghaidh na fachtóra S, 33 % le haghaidh na fachtóra R), agus an míniú ar an modh ualaithe, lena n-áirítear ualú in aghaidh na gcatagóirí aonair comhshaoil E, S agus G;
|
|
(i)
|
laistigh d’fhachtóirí E, S agus G, sonrú na dtopaicí a chumhdaítear le is an rátáil ESG, agus i dtaobh an gcomhfhreagraíonn siad do na topaicí ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforbairt de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE;
|
|
(j)
|
faisnéis maidir le cibé acu i ndearbhluach nó i luach coibhneasta a shloinntear an rátáil,
|
|
(k)
|
i gcás inarb infheidhme, tagairt d’úsáid na hintleachta saorga sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála, lena n-áirítear faisnéis faoi theorainneacha reatha nó rioscaí a ghabhann leis an intleacht shaorga a úsáid;
|
|
(l)
|
faisnéis ghinearálta maidir leis na critéir a úsáidtear chun táillí a ghearrtar ar chliaint a shuí, lena sonraítear na gnéithe éagsúla a cuireadh san áireamh, agus faisnéis ghinearálta maidir leis an tsamhail ghnó/íocaíochta;
|
|
(m)
|
aon teorannú atá ar na foinsí sonraí agus ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun rátálacha ESG a fhorbairt;
|
|
(n)
|
na príomhrioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus na bearta a dhéantar chun iad a mhaolú;
|
|
(o)
|
má chumhdaítear an fachtóir comhshaoil (E) le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear san áireamh sa rátáil sin spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras nó aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile;
|
|
(p)
|
má chumhdaítear na fachtóirí S agus G le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh leis an rátáil sin;
|
|
(q)
|
aon teorannú ar an bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraithe rátála ESG.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|