+IARSCRÍBHINN III CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH
---+1. Íosnochtaí don phobal
---+2. Nochtaí breise d’úsáideoirí rátálacha ESG agus do mhíreanna rátáilte laistigh de raon feidhme …

IARSCRÍBHINN III CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH

IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Íosnochtaí don phobal

1.   Íosnochtaí don phobal

I gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo, nochtfaidh soláthraithe rátála ESG, an méid seo a leanas, ar a laghad, don phobal ar a suíomh gréasáin agus tríd an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP):

(a)

forbhreathnú ar na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear agus ar athruithe orthu, lena n-áirítear cibé acu atá anailís siarbhreathnaitheach nó réamhbhreathnaitheach agus an tréimhse ama arna cumhdach;

(b)

an t-aicmiú tionscail a úsáideadh;

(c)

forléargas ar fhoinsí sonraí, lena n-áirítear i dtaobh an bhfaightear sonraí ó ráitis inbhuanaitheachta a cheanglaítear faoi Threoir 2013/34/AE nó ó fhaisnéis a nochtar faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus i dtaobh an bhfuil na foinsí poiblí nó neamhphoiblí agus forléargas ar phróisis sonraí, meastachán ar shonraí ionchuir i gcás nach bhfuil siad ar fáil agus minicíocht nuashonruithe sonraí;

(d)

struchtúr úinéireachta an tsoláthraí rátála ESG;

(e)

faisnéis i dtaobh an bhfuil na modheolaíochtaí rátála bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus an chaoi a bhfuil na modheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise eolaíoch;

(f)

faisnéis faoi chuspóir soiléir agus marcáil shoiléir na rátálacha ESG i dtaobh an bhfuil rioscaí, tionchair, nó iad araon á measúnú ag an rátáil, de réir phrionsabal na hábharthachta dúbailte, nó de réir aon toise eile, agus i gcás inarb ann d’ábharthacht dhúbailte, cion na hábharthachta riosca agus tionchair;

(g)

raon feidhme na rátála ESG, eadhon i dtaobh an gcumhdaítear léi fachtóir aonair E, S, nó G nó an fachtóir comhiomlánaithe rátála E, S agus G atá inti, nó an gcumhdaítear léi saincheisteanna sonracha amhail rioscaí aistrithe;

(h)

i gcás rátáil chomhiomlánaithe ESG, ualú na dtrí chatagóir uileghabhálacha d’fhachtóirí E, S agus G (e.g. 33 % le haghaidh na fachtóra E, 33 % le haghaidh na fachtóra S, 33 % le haghaidh na fachtóra R), agus an míniú ar an modh ualaithe, lena n-áirítear ualú in aghaidh na gcatagóirí aonair comhshaoil E, S agus G;

(i)

laistigh d’fhachtóirí E, S agus G, sonrú na dtopaicí a chumhdaítear le is an rátáil ESG, agus i dtaobh an gcomhfhreagraíonn siad do na topaicí ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforbairt de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE;

(j)

faisnéis maidir le cibé acu i ndearbhluach nó i luach coibhneasta a shloinntear an rátáil,

(k)

i gcás inarb infheidhme, tagairt d’úsáid na hintleachta saorga sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála, lena n-áirítear faisnéis faoi theorainneacha reatha nó rioscaí a ghabhann leis an intleacht shaorga a úsáid;

(l)

faisnéis ghinearálta maidir leis na critéir a úsáidtear chun táillí a ghearrtar ar chliaint a shuí, lena sonraítear na gnéithe éagsúla a cuireadh san áireamh, agus faisnéis ghinearálta maidir leis an tsamhail ghnó/íocaíochta;

(m)

aon teorannú atá ar na foinsí sonraí agus ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun rátálacha ESG a fhorbairt;

(n)

na príomhrioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus na bearta a dhéantar chun iad a mhaolú;

(o)

má chumhdaítear an fachtóir comhshaoil (E) le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear san áireamh sa rátáil sin spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras nó aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile;

(p)

má chumhdaítear na fachtóirí S agus G le rátáil ESG ar mhír rátáilte, faisnéis i dtaobh an gcuirtear aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh leis an rátáil sin;

(q)

aon teorannú ar an bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraithe rátála ESG.

2. Nochtaí breise d’úsáideoirí rátálacha ESG agus do mhíreanna rátáilte laistigh de raon feidhme …

2.   Nochtaí breise d’úsáideoirí rátálacha ESG agus do mhíreanna rátáilte laistigh de raon feidhme Threoir 2013/34/AE

I gcomhréir le hAirteagal 24 agus sa bhreis ar an íosnochtaí don phobal dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo, cuirfidh soláthraithe rátála ESG an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí rátálacha ESG agus d’úsáideoirí míreanna rátáilte agus d’eisitheoirí míre rátáilte, más infheidhme, atá ina n-ábhar don rátáil sin:

(a)

forléargas níos mionsonraithe ar na modheolaíochtaí rátála a úsáideadh (agus ar athruithe orthu), lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

i gcás inarb infheidhme, fianaise eolaíoch agus toimhdí ar a bhfuil na rátálacha bunaithe;

(ii)

eochairtháscairí feidhmíochta ábhartha in aghaidh na fachtóra E, S agus G, agus an modh ualaithe,

(iii)

i gcás rátáil chomhiomlánaithe ESG, toradh an mheasúnaithe le haghaidh gach catagóire E, S agus G d’fhachtóirí, arna chur i láthair ar bhealach lena n-áirithítear inchomparáideacht na catagóire comhshaoil (E), sóisialta (S) agus rialachais (G);

(iv)

aon easnaimh a d’fhéadfadh a bheith sna modheolaíochtaí, agus na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin;

(v)

beartais maidir le modheolaíochtaí a athbhreithniú;

(vi)

nuair a dhéantar rátáil ESG a uasghrádú nó a íosghrádú, i ngeall ar aon athruithe ábharacha ar mhodheolaíochtaí rátála, ar shamhlacha, ar phríomhbhoinn tuisceana rátála nó ar phríomhfhoinsí sonraí (lena n-áirítear meastacháin), na cúiseanna atá leis na hathruithe sin agus a n-impleachtaí ar an rátáil sin;

(vii)

dáta an athbhreithnithe is déanaí ar mhodheolaíochtaí;

(viii)

i gcás ina gcumhdaítear an fachtóir comhshaoil (E) leis an rátáil ESG, i dtaobh an gcomhghaolaítear an rátáil ESG le céatadán an ailínithe tacsanomaíochta faoi Rialachán (AE) 2020/852, agus a mhéid a dhéantar é a chomhghaolú, nó i dtaobh an ailínítear é le comhaontuithe idirnáisiúnta eile agus a mhéid a dhéantar é a ailíniú, mar aon le míniú ar aon diallais shuntasacha uathu;

(b)

forléargas níos mionsonraithe ar phróisis sonraí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

míniú níos mionsonraithe ar na foinsí sonraí a úsáidtear — lena n-áirítear i dtaobh an bhfuil siad poiblí nó neamhphoiblí, an bhfuil siad faoi réir dearbhú iontaofachta, i dtaobh an ndíorthaítear iad ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a forbraíodh de bhun Airteagail 19a agus 29b de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe agus nochtadh faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2020/852 agus Rialachán (AE) 2019/2088, lena n-áirítear i dtaobh an úsáidtear faisnéis faoi phleananna aistrithe cuideachtaí a dhíorthaítear ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin agus conas a úsáidtear an fhaisnéis sin;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, úsáid meastachán agus meán an tionscail agus míniú ar an modheolaíocht fholuiteach;

(iii)

na beartais maidir le sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí stairiúla, agus ar dháta na nuashonruithe is déanaí ar shonraí;

(iv)

rialuithe cáilíochta sonraí, minicíocht na rialuithe sin agus an próiseas feabhsúcháin má thagann saincheisteanna chun cinn;

(v)

i gcás inarb infheidhme, aon bhearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar theorainneacha ar na foinsí sonraí;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le rannpháirtíocht le míreanna rátáilte agus le heisitheoirí míreanna rátáilte, lena n-áirítear an ndearna an soláthraí rátála ESG athbhreithnithe nó cuairteanna ar an láthair agus cé chomh minic agus a rinne sé iad;

(d)

i gcás ina n-eisíonn soláthraí rátála ESG rátáil gan iarraidh, ráiteas feiceálach chun na críche sin sa rátáil ESG, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh ar ghlac an mhír rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála agus an raibh rochtain ag an soláthraí rátála ESG ar dhoiciméid bhainistíochta nó ar dhoiciméid inmheánacha ábhartha eile na míre rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar.

(e)

i gcás inarb infheidhme, míniú ar aon mhodheolaíocht intleachta saorga a úsáidtear sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála;

(f)

i gcás faisnéis mhór nua i leith mír rátáilte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh rátála ESG, míneoidh soláthraithe rátála ESG conas a chuir siad an fhaisnéis sin san áireamh agus i dtaobh ar leasaigh siad an rátáil chomhfhreagrach ESG.

I gcás inarb infheidhme, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo sonrach do gach rátáil ESG a dháilfear.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.