+1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad glantach agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil …
|
1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad glantach agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil …
|
1.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad glantach agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil ar an margadh:
|
(a)
|
uimhir chineáil, baiscuimhir nó eilimint eile lena n-áirithítear inrianaitheacht an táirge;
|
|
(b)
|
an t-aitheantóir foirmle uathúil le haghaidh glantach nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh agus an t-acrainm ‘UFI’ roimhe i gceannlitreacha agus idirstad ina dhiaidh (‘UFI:’);
|
|
(c)
|
ainm an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, an allmhaireora, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, an allmhaireora, agus an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist agus an uimhir theileafóin ag a féidir dul i dteagmháil leo; tabharfar pointe aonair san Aontas le fios leis an seoladh poist;
|
|
(d)
|
ainm agus trádainm an táirge;
|
|
(e)
|
treoracha úsáide agus réamhchúraimí speisialta, i gcás inar gá agus inarb ábhartha;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme, léiriú gur glantach tionsclaíoch agus institiúideach é an táirge le haghaidh úsáid ghairmiúil agus sin amháin;
|
|
(g)
|
i gcás dromchlaghníomhaithe, léiriú go bhfuil an táirge oiriúnach lena úsáid i nglantaigh;
|
|
(h)
|
inneachar an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
|
(i)
|
na raonta céatadáin meáchain ‘níos lú ná 5 %’, ‘5 % nó os a chionn ach níos lú ná 15 %’, ‘15 % nó os a chionn ach níos lú ná 30 %’, agus ‘30 % agus níos mó’, úsáidfear iad chun cion na gcomhábhar atá liostaithe thíos a léiriú i gcás ina gcuirtear isteach iad i dtiúchan atá os cionn 0,2 % de réir meáchain:
|
—
|
dromchlaghníomhaithe ainianacha,
|
|
—
|
dromchlaghníomhaithe caitianacha,
|
|
—
|
dromchlaghníomhaithe amfaiteireacha,
|
|
—
|
dromchlaghníomhaithe neamh-ianacha,
|
|
—
|
tuarthóirí ocsaigin-bhunaithe,
|
|
—
|
tuarthóirí clóirín-bhunaithe,
|
|
—
|
EDTA (aigéad eitiléindé-aimínteatraicéiteach) agus salainn de,
|
|
—
|
NTA (aigéad nítrílótríaicéiteach) agus salainn de,
|
|
—
|
feanóil agus feanóil halaiginithe,
|
|
—
|
hidreacarbóin aramatacha,
|
|
—
|
hidreacarbóin alafatacha,
|
|
—
|
hidreacarbóin halaiginithe,
|
|
|
(ii)
|
déanfar na haicmí comhábhar seo a leanas, má chuirtear isteach iad, a liostú gan beann ar a dtiúchan:
|
|
(iii)
|
cé is moite de nuair atá siad lipéadaithe cheana féin ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 18(3), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 nó Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, liostófar leasaithigh, agus úsáid á baint, i gcás inar féidir, as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
—
|
rannchuidíonn siad le cáiliú an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí mar earra cóireáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gan beann ar a dtiúchan; nó
|
|
—
|
déantar iad a lipéadú mar chomhábhar den ghlantach nó den dromchlaghníomhaí, ach amháin mura sáraíonn tiúchan an leasaithigh sa ghlantach nó sa dromchlaghníomhaí na tairseacha 0,00015 % (w/w);
|
|
|
(iv)
|
má chuirtear isteach d’aon ghnó iad i dtiúchain is mó ná 0,01 % de réir meáchain, déanfar na hailléirginí cumhráin a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn seo a lipéadú trí úsáid a bhaint, i gcás inarb infheidhme, as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, cé is moite d’ailléirginí cumhráin atá lipéadaithe cheana féin ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 18(3), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;
|
|
(v)
|
Ní bheidh feidhm ag pointí (i) go (iv) maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe tionsclaíocha agus institiúideacha, ar choinníoll go ndéantar an fhaisnéis choibhéiseach leis sin a cheanglaítear sna pointí sin a sholáthar sa bhileog sonraí sábháilteachta a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
|
|
(vi)
|
anuas ar an bhfaisnéis a liostaítear i bpointí (i) go (iv), de réir mar is infheidhme, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad na nglantach ina bhfuil miocrorgánaigh:
|
—
|
léiriú nó ráiteas réamhchúraim nach ceadmhach an táirge a úsáid ar dhromchlaí a bhíonn i dteagmháil le bia, ach amháin más rud é gur cinneadh go bhfuil an táirge sábháilte lena úsáid chuige sin ar bhonn an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II;
|
|
—
|
léiriú maidir le seilfré an táirge;
|
|
—
|
treoracha úsáide nó réamhchúraimí speisialta, i gcás inarb ábhartha.
|
|
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|