+IARSCRÍBHINN II Catagóirí agus paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta

IARSCRÍBHINN II Catagóirí agus paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta

IARSCRÍBHINN II

Catagóirí agus paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta

Tábla 1

Liosta táscach na n-ábhar, na gcineálacha agus na gcatagóirí pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 6

Uimh. Chatagóire

Príomhábhar pacáistíochta

Cineál pacáistíochta

Formáid (léiritheach agus neamh-uileghabhálach)

Dath / Tarchur optúil

1

Gloine

Gloine agus pacáistíocht ilchodach, ar gloine a formhór

Buidéil, crúscaí, flagúin, potaí cosmaidí, tobáin, ampaill, fiail a dhéantar de ghloine (silice aoil sóide), cannaí aerasóil

—

2

Páipéar/cairtchlár

Pacáistíocht pháipéir/chairtchláir

Boscaí, tráidirí, pacáistíocht ghrúpáilte, pacáistíocht sholúbtha pháipéir (e.g. scannáin, leatháin, púitsí, clúdaigh, cóin, cumhdaigh)

—

3

Páipéar/cairtchlár

Pacáistíocht ilchodach ar páipéar/cairtchlár a formhór

Clár pacáistíochta do leachtacha agus cupáin pháipéir (i.e. lannaithe le, agus le halúmanam nó gan alúmanam), tráidirí, plátaí agus cupáin, páipéar/cairtchlár miotalaithe nó lannaithe le plaisteach, páipéar/cairtchlár le líneálacha/fuinneoga plaisteacha

—

4

Miotal

Cruach agus pacáistíocht ilchodach, ar cruach a formhór

Formáidí dochta (aerasóil, cannaí, stáin phéinte, boscaí, tráidirí, drumaí, feadáin) a dhéantar de chruach, lena n-áirítear stánphláta agus cruach dhosmálta

—

5

Miotal

Alúmanam agus pacáistíocht ilchodach ar alúmanam a formhór – docht

Formáidí dochta (cannaí bia agus dí, buidéil, aerasóil, drumaí, tiúba, cannaí, boscaí, tráidirí) a dhéantar d’alúmanam

—

6

Miotal

Alúmanam agus pacáistíocht ilchodach ar alúmanam a formhór – leathdhocht nó solúbtha

Formáidí leathdhochta agus solúbtha (coimeádáin agus tráidirí, feadáin, scragaill, scragall solúbtha) atá déanta as alúmanam

—

7

Plaisteach

TPE – docht

Buidéil agus fleascanna

Trédhearcach soiléir/daite, teimhneach

8

Plaisteach

TPE – docht

Formáidí dochta seachas buidéil agus fleascáin (lena n-áirítear potaí, feadáin, prócaí, cupáin, tráidirí agus coimeádáin aonchisealacha agus ilchisealacha, cannaí aerasóil)

Trédhearcach soiléir/daite, teimhneach

9

Plaisteach

TPE – solúbtha

Scannáin

Nádúrtha/daite

10

Plaisteach

TPE – docht

Coimeádáin, buidéil, tráidirí, potaí agus feadáin

Nádúrtha/daite

11

Plaisteach

PE – solúbtha

Scannáin, lena n-áirítear pacáistíocht ilchisealach agus ilábhar

Nádúrtha/daite

12

Plaisteach

PP – docht

Coimeádáin, buidéil, tráidirí, potaí agus feadáin

Nádúrtha/daite

13

Plaisteach

PP – solúbtha

Scannáin, lena n-áirítear pacáistíocht ilchisealach agus ilábhar

Nádúrtha/daite

14

Plaisteach

HDPE agus PP – docht

Cliathbhoscaí agus pailléid, plaisteach cláir roctha

Nádúrtha/daite

15

Plaisteach

PS agus XPS — docht

Formáidí dochta (lena n-áirítear pacáistíocht déiríochta, tráidirí, cupáin agus coimeádáin bhia eile)

Nádúrtha/daite

16

Plaisteach

EPS – docht

Formáidí dochta (lena n-áirítear boscaí éisc/earraí bána agus tráidirí)

Nádúrtha/daite

17

Plaisteach

Plaistigh dhochta eile (e.g. PVC, PC) lena n-áirítear ilábhair — docht

Formáidí dochta, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha, drumaí

—

18

Plaisteach

Plaistigh sholúbtha eile lena n-áirítear ilábhair — solúbtha

Púitsí, spuaicphacaí, pacáistíocht theirmeafhoirmithe, pacáistíocht folúis, pacáistíocht a dhéantar i dtimpeallacht/i dtaisleach mhodhnaithe, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha sholúbtha, málaí, scannáin stráice

—

19

Plaisteach

Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe (1) - dochta (e.g. PLA, PHB) agus solúbtha (e.g. PLA)

Formáidí dochta agus solúbtha

—

20

Adhmad, corc

Pacáistíocht adhmaid, lena n-áirítear corc

Pailléid, boscaí, cliathbhoscaí

—

21

Teicstíl

Snáithíní teicstíle nádúrtha agus sintéiseacha

Málaí

—

22

Crua-earraí cré ceirmeachta nó poircealláin

Cré, cloch

Potaí, coimeádáin, buidéil, prócaí

—

Tábla 2

Liosta táscach na n-ábhar, na gcineálacha agus na gcatagóirí pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 6

Ábhair

Catagóirí

nasc chuig Tábla 1, Iarscríbhinn II

Plaisteach

TPE – docht

catagóirí 7, 8

PE docht, PP docht, HDPE agus PP docht

catagóirí 10, 12, 14

Scannáin/solúbtha

catagóirí 9, 11, 13, 18

PS, XPS, EPS

catagóirí 15, 16

Plaistigh dhochta eile

catagóir 17

In-bhithdhíghrádaithe (docht agus solúbtha)

catagóir 19

Páipéar/cairtchlár

Páipéar/cairtchlár (seachas clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha)

catagóirí 2, 3

Clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha

catagóir 3

Miotal

Alúmanam

catagóirí 5, 6

Cruach

catagóir 4

Gloine

Gloine

catagóir 1

Adhmad

Adhmad, corc

catagóir 20

Eile

Teicstíl, ceirmeacht/poirceallán agus cinn eile

catagóirí 21, 22

Tábla 3

Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta

Déanfar in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a shloinneadh sna gráid feidhmíochta A, B nó C.

Ó 2030 ar aghaidh, beidh feidhmíocht in-athchúrsáilteachta bunaithe ar chritéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’. Áiritheoidh na critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ ciorclaíocht úsáid na n-amhábhar tánaisteach a eascraíonn as sin agus a bhfuil cáilíocht leordhóthanach acu chun amhábhair príomhúla a ionadú.

Déanfar an measúnú bunaithe ar chritéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ le haghaidh gach catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1, agus cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht a bhunaítear faoi Airteagal 6(4), agus na gníomhartha tarmligthe gaolmhara, chomh maith leis na paraiméadair a bhunaítear i dTábla 4. Tar éis na critéir a mheá de réir an aonaid pacáistíochta, déanfar é a aicmiú i gcatagóirí A, B nó C. I gcás ina mbeidh grád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta aonaid pacáistíochta faoi bhun 70 %, measfar nach gcomhlíonann sé na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilte agus, dá bhrí sin, measfar an phacáistíocht a bheith neamh-inathchúrsáilte go teicniúil agus cuirfear srian lena chur ar an margadh.

Ó 2035 ar aghaidh, cuirfear fachtóir nua leis an measúnú ar in-athchúrsáilteacht, is é sin an measúnú ar an athchúrsáilte ar an mórchóir. Dá bhrí sin, déanfar measúnú nua bunaithe ar chainníocht (meáchan) an ábhair a athchúrsáiltear go héifeachtach ó gach ceann de na catagóirí pacáistíochta i gcomhréir leis an modheolaíocht a bhunaítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 6(5). Saineofar na tairseacha a bhaineann leis na hábhair phacáistíochta athchúrsáilte bhliantúla le haghaidh chomhlíonadh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir agus an spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (39), á cur san áireamh.

2030

2035

2038

Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta

Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA)

Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain

Grád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh DaA)

Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA)

Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain

Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir)

Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta

Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA)

Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain

Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir)

Grád A

níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin

Grád A

níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin

Grád A AaM

Grád A

níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin

Grád A AaM

Grád B

níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin

Grád B

níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin

Grád B AaM

Grád B

níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin

Grád B AaM

Grád C

níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin

Grád C

níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin

Grád C AaM

Grád C

NÍ FÉIDIR IAD A CHUR AR AN MARGADH

níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin

Grád C AaM

DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL

níos ísle ná 70 %

DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL

níos ísle ná 70 %

NÍ DHÉANTAR A ATHCHÚRSÁIL AR AN MÓRCHÓIR

(faoi bhun thairseacha Airteagal 3(1), pointe (39).

DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL

níos ísle ná 70 %

NÍ DHÉANTAR A ATHCHÚRSÁIL AR AN MÓRCHÓIR

(faoi bhun thairseacha Airteagal 3(1), pointe (39).

Tábla 4

Liosta neamh-uileghabhálach de pharaiméadair maidir le critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ a shocrú faoi Airteagal 6

Úsáidfear an liosta sa Tábla seo mar bhonn agus critéir maidir le ’dearadh le haghaidh athchúrsála mar a leagtar amach in Airteagal 6(4) á sainiú. Úsáidfear na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála ansin chun na ríomhanna a shocrú as a dtiocfaidh na gráid feidhmíochta a liostaítear i dTábla 3. Ina theannta sin, déanfar an méid seo a leanas a mheas sa mheasúnú ar na paraiméadair a leagtar amach sa liosta sin:

—

indeighilteacht aon chomhpháirt den phacáistíocht, de láimh ag úsáideoirí deiridh nó i monarchana próiseála,

—

éifeachtúlacht na bpróiseas sórtála agus athchúrsála, mar shampla, toradh,

—

éabhlóid na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála (chun aghaidh a thabhairt ar an gcás nach féidir an phacáistíocht a shórtáil sa lá atá inniu ann ach go bhféadfadh sí a bheith insórtáilte faoi cheann 2 bhliain), agus

—

feidhmiúlacht amhábhar tánaisteach a chaomhnú ionas gur féidir amhábhair phríomhúla a ionadú.

Déanfar an fheidhmiúlacht phacáistíochta a thugtar don phacáistíocht leis na paraiméadair seo a leanas a chur san áireamh agus na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála á socrú.

Paraiméadair le haghaidh na gcritéar ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’

Ábharthacht an pharaiméadair

Breiseáin

Is minic a thagraíonn breiseáin do shubstaintí a chuirtear le hábhair chun airíonna sonracha a thabhairt dóibh. Is féidir é a bheith mar thoradh ar bhreiseáin a bheith i láthair sna coimeádáin phacáistíochta go ndéantar na hábhair phacáistíochta a shórtáil go mícheart le linn an phróisis sórtála agus go ndéantar na hamhábhair thánaisteacha a eascraíonn astu a éilliú.

Lipéid

Is féidir le ráta cumhdaigh na lipéad difear a dhéanamh d’éifeachtúlacht an phróisis sórtála. Déanann an t-ábhar a bhfuil an lipéad déanta as agus an cineál gliú/greamacháin difear freisin do cháilíocht an amhábhair thánaistigh.

Muinchillí

Bíonn tionchar ag ráta cumhdaigh na muinchille ar chabhail na pacáistíochta ar na féidearthachtaí maidir le sórtáil. Ina theannta sin, is féidir le húsáid muinchillí difear a dhéanamh don chumas iad a scaradh ó chabhail na pacáistíochta.

Is féidir leis an ábhar a bhfuil an mhuinchille déanta as difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta.

Dúntáin agus comhpháirteanna beaga eile pacáistíochta

Tagraíonn dúntáin do chomhpháirteanna a úsáidtear chun an phacáistíocht a dhúnadh nó a shéalú. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla dúntán a bheith i gceist, docht nó solúbtha, amhail crapchlúdach a thugann fianaise ar chrioscaíl, líneálacha, claibíní, cláir, séalaí, comhlaí etc.

Is féidir leis an ábhar a bhfuil na dúntáin déanta as difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta.

Dúntáin nach bhfuil ceangailte go daingean den phacáistíocht, féadfaidh siad cur leis an mbruscar.

Is féidir le comhpháirteanna beaga pacáistíochta atá ceangailte de chabhail na pacáistíochta difear a dhéanamh d’indeighilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Ina theannta sin, is féidir na comhpháirteanna a chailliúint sa phróiseas sórtála agus athchúrsála.

Greamacháin

Is féidir greamacháin a úsáid sa chaoi gur féidir iad a dheighilt go héasca sa phróiseas athchúrsála nó go bhféadfaidh an t-úsáideoir deiridh iad a dheighilt nó sa chaoi nach ndéantar difear d’éifeachtúlacht na bpróiseas sórtála agus athchúrsála. Is féidir le hiarmhair ghreamaitheacha a fhágtar ar an bpacáistíocht cáilíocht (íonacht) na n-amhábhar tánaisteach a íosghrádú.

Is féidir a áirithiú le greamacháin in-nite go ndéantar an scaradh ó chabhail na pacáistíochta agus nach bhfanfaidh aon iarmhar greamaitheach san amhábhar tánaisteach.

Dathanna

Is éard is dath ann substaintí a chuireann dath ar an ábhar pacáistíochta.

Is féidir le hábhair thromdhaite i bpáipéar nó i bplaistigh a bheith ina gcúis le fadhbanna maidir le sórtáil agus is féidir leo cáilíocht na n-amhábhar tánaisteach a íosghrádú.

Comhdhéanamh ábhar

Is fearr úsáid a bhaint as aon-ábhair nó as teaglamaí ábhar lena gceadaítear deighilt éasca agus lena n-áirithítear táirgeacht ard amhábhar tánaisteach.

Bacainní / cótáil

An t-ábhar nó an tsubstaint a chuirtear le hábhar chun airíonna bacainne a thabhairt (bacainn), nó éagsúlacht ábhar a chuirtear ar an dromchla chun airíonna eile a thabhairt (cótáil).

D’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos deacra athchúrsáil a dhéanamh mar gheall ar bhacainní nó cótáil laistigh den phacáistíocht a bheith ann. Is fearr na teaglamaí lena n-áirithítear táirgeacht ard na n-amhábhar tánaisteach.

Dúigh agus laicir / priontáil / códú

Is meascáin iad dúigh agus laicir de dhatháin agus de shubstaintí eile a chuirtear ar an ábhar trí phróiseas priontála nó cótála (dúigh) nó cótáil chosanta atá déanta as roisín nó eistear ceallalóis, nó an dá rud, arna dtuaslagadh i dtuaslagóir so-ghalaithe (laicir). Tagraíonn códú do phriontáil a chuirtear i bhfeidhm go díreach ar phacáistíocht díolacháin ar mhaithe le baisc-chódú agus faisnéis agus brandáil eile.

Cuireann úsáid dúigh le substaintí ar údar imní iad bac ar athchúrsáil, ós rud é nach féidir na haonaid phacáistíochta sin a athchúrsáil. Is féidir le dúigh phriontála an sruth athchúrsála a thruailliú tríd an uisce níocháin nuair a scaoiltear iad. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le dúigh phriontála nach scaoiltear dochar a dhéanamh do thrédhearcacht an tsrutha athchúrsála.

Iarmhair táirgí / éascaíocht an fholmhaithe

Is féidir le hiarmhair d’ábhar na pacáistíochta difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Le dearadh na pacáistíochta, ba cheart a bheith in ann é a fholmhú go héasca agus nuair a dhiúscraítear í, ba cheart é a bheith i riocht lándraenáilte.

Éascaíocht díchóimeála

Is féidir le comhpháirteanna atá ceangailte go daingean dá chéile difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Is féidir le dearadh pacáistíochta an fhéidearthacht comhpháirteanna éagsúla a dheighilt i sruthanna ábhair éagsúla a éascú.


(1)  Tabhair faoi deara go bhfuil plaistigh sa chatagóir seo atá in-bhithdhíghrádaithe go héasca (rud a chiallaíonn go bhfuil cumas cruthaithe iontu > 90 % den ábhar bunaidh a thiontú ina CO2, uisce agus mianraí trí phróisis bhitheolaíocha laistigh de 6 mhí) agus gan beann ar an mbunábhar a úsáidtear chun iad a tháirgeadh. Polaiméirí bithbhunaithe nach bhfuil in-bhithdhíghrádaithe go héasca, cumhdaítear iad faoi na catagóirí plaisteacha ábhartha eile.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.