+Airteagal 20 Bearta díchill chuí do chustaiméirí
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
|
Airteagal 20 Bearta díchill chuí do chustaiméirí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1
|
1. Chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm:
|
(a)
|
an custaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú;
|
|
(b)
|
na húinéirí tairbhiúla a shainaithint agus bearta réasúnacha a dhéanamh chun céannacht an duine sin a fhíorú ionas gur deimhin leis an eintiteas faoi oibleagáid gurb eol dó cé hé an t-úinéir tairbhiúil, agus go dtuigeann sé struchtúr úinéireachta agus rialaithe an chustaiméara;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh agus, de réir mar is iomchuí, faisnéis a fháil maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó na n-idirbheart ócáideach agus iad a thuiscint;
|
|
(d)
|
a fhíorú an bhfuil an custaiméir nó na húinéirí tairbhiúla faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus, i gcás custaiméir nó páirtí i socrú dlíthiúil ar eintiteas dlítheanach é, an rialaíonn daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe an t-eintiteas dlítheanach nó an bhfuil níos mó ná 50 % de chearta dílseánaigh an eintitis dhlítheanaigh sin nó leas tromlaigh acu ann, bíodh sin ina n-aonar nó i dteannta daoine eile;
|
|
(e)
|
measúnú a dhéanamh agus, de réir mar is iomchuí, faisnéis a fháil maidir le cineál ghnó na gcustaiméirí, lena n-áirítear, i gcás gnóthas, an ndéanann siad gníomhaíochtaí, nó cineál a bhfostaíochta nó a ngairme beatha;
|
|
(f)
|
faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó lena n-áirítear scrúdú ar idirbhearta a rinneadh i gcúrsa na gaolmhaireachta gnó sin lena áirithiú go bhfuil na hidirbhearta atá á ndéanamh ag teacht le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, ar an ngnóthas agus ar phróifíl riosca, lena n-áirítear foinse na gcistí i gcás inar gá;
|
|
(g)
|
cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcustaiméir, maidir le húinéir tairbhiúil an chustaiméara agus, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an duine a bhfuil idirbheart á chur i gcrích nó gníomhaíocht á cur i gcrích thar a cheann nó thar a ceann nó chun sochair dó nó di, an duine atá faoi riteacht pholaitiúil é nó í, an ball teaghlaigh é nó í an duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í le duine neamhchosanta.
|
|
(h)
|
i gcás ina bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á chur i gcrích nó á cur i gcrích thar ceann nó chun tairbhe daoine nádúrtha nach iad an custaiméir iad, céannacht na ndaoine nádúrtha sin a shainaithint agus a fhíorú;
|
|
(i)
|
a fhíorú, maidir le haon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, go bhfuil an duine sin údaraithe amhlaidh agus a chéannacht a shainaithint agus a fhíorú.
|
|
|
Airteagal 20 2
|
2. Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn anailíse aonair ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ag féachaint do shaintréithe sonracha an chliaint agus na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh, agus an measúnú riosca uileghnó arna dhéanamh ag an eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 10 agus na hathróga sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh, chomh maith leis na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III.
I gcás ina sainaithníonn eintitis faoi oibleagáid riosca méadaithe go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, glacfaidh siad bearta feabhsaithe díchill chuí de bhun Roinn 4 den Chaibidil seo. I gcás ina sainaithnítear cásanna a mbaineann riosca níos ísle leo, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta simplithe díchill chuí a chur i bhfeidhm de bhun Roinn 3 den Chaibidil seo.
|
|
Airteagal 20 3
|
3. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na hathróga riosca agus tosca riosca le cur san áireamh ag eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar gaolmhaireachtaí gnó nó nuair a dhéantar idirbhearta ócáideacha.
|
|
Airteagal 20 4
|
4. Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann a léiriú i gcónaí dá maoirseoirí gurb iomchuí na bearta a glacadh i bhfianaise na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá sainaitheanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|