+Airteagal 47 Sonraíochtaí don earnáil árachais saoil agus árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht
---+Airteagal 47 (a)
---+Airteagal 47 (b)
---+Airteagal 47 2
|
Airteagal 47 Sonraíochtaí don earnáil árachais saoil agus árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht
I gcás gnó árachais saoil nó árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a éilítear don chustaiméir agus don úinéir tairbhiúil, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm ar thairbhithe polasaithe árachais saoil agus polasaithe árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar na tairbhithe:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 (a)
|
i gcás tairbhithe a shainaithneofar mar dhaoine atá ainmnithe go sonrach nó socruithe dlíthiúla, ainm an duine nó an tsocraithe a thaifeadadh;
|
|
Airteagal 47 (b)
|
i gcás tairbhithe atá ainmnithe de réir saintréithe nó de réir aicme nó trí mhodh eile, faisnéis leordhóthanach a fháil maidir leis na tairbhithe sin le go mbeidh sé ábalta céannacht an tairbhí a shainaithint tráth na híocaíochta.
|
|
Airteagal 47 2
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfar fíorú chéannacht na dtairbhithe agus, i gcás inarb ábhartha, a n-úinéirí tairbhiúla, tráth na híocaíochta. I gcás ina sanntar an t-árachas saoil nó an t-árachas a bhaineann le hinfheistíocht go hiomlán nó go páirteach do thríú páirtí, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid atá ar an eolas faoin sannadh an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint tráth an tsannta don duine nádúrtha nó dlítheanach nó don socrú dlíthiúil a gheobhaidh luach an pholasaí a shanntar dá leas féin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|