Airteagal 78
Taifid a sholáthar d’údaráis inniúla
Beidh córais i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid a chuireann ar a gcumas fiosrúcháin óna FIU nó ó údaráis inniúla eile a fhreagairt go hiomlán agus go tapa, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi cibé acu an bhfuil gaolmhaireacht gnó le daoine sonraithe á cothabháil acu nó cothabháilte acu le linn tréimhse 5 bliana roimh an bhfiosrúchán sin, agus maidir le cineál na gaolmhaireachta sin, trí bhealaí slána agus ar shlí a n-áirithíonn rúndacht iomlán na bhfiosrúchán.