+Airteagal 79 Cuntais anaithnide agus scaireanna iompróra agus barántais scaire iompróra
---+Airteagal 79 1
---+Airteagal 79 2
---+Airteagal 79 3
|
Airteagal 79 Cuntais anaithnide agus scaireanna iompróra agus barántais scaire iompróra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1
|
1. Cuirfear toirmeasc ar institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cuntais anaithnide bainc agus íocaíochta, pasleabhair anaithnide, taisceadáin anaithnide nó cuntais cripteashócmhainní anaithnide a choinneáil, chomh maith le haon chuntas eile a lamhálann d’anaithnidiú shealbhóir an chuntais custaiméara, nó d’anaithnidiú nó doiléiriú méadaithe idirbheart, lena n-áirítear trí bhoinn lena gcuirtear leis an anaithnideacht.
Beidh úinéirí agus tairbhithe cuntas anaithnid bainc agus íocaíochta, pasleabhar anaithnid, taisceadán anaithnid atá i seilbh institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó cuntas cripteashócmhainní atá ann cheana féin faoi réir bearta díchill chuí do chustaiméirí sula ndéanfar na cuntais, na pasleabhair, nó na taisceadáin sin a úsáid ar aon slí.
|
|
Airteagal 79 2
|
2. Ní ghlacfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a ghníomhaíonn mar fhaighteoirí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) le híocaíochtaí a dhéantar le cártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear i dtríú tíortha, mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo ar bhonn riosca íseal cruthaithe.
|
|
Airteagal 79 3
|
3. Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra a eisiúint, agus déanfaidh siad na scaireanna iompróra uile atá ann cheana a chomhshó ina scaireanna cláraithe, déanfaidh siad iad a bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, nó iad a thaisceadh le hinstitiúid airgeadais faoin 10 Iúil 2029. Mar sin féin, ceadófar do chuideachtaí a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa trí bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), den Rialachán sin nó trí eisiúint dhíreach i bhfoirm dhí-ábharaithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (4), den Rialachán sin, ceadófar dóibh scaireanna iompróra nua a eisiúint agus scaireanna iompróra atá ann cheana a choinneáil. Maidir le scaireanna iompróra atá ann cheana nach ndéantar a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh faoin 10 Iúil 2029, déanfar na cearta vótála uile agus na cearta dáilte uile a ghabhann leis na scaireanna sin a chur ar fionraí go huathoibríoch go dtí go ndéanfar iad a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh. Déanfar na scaireanna uile den sórt sin nach bhfuil comhshóite, blocáilte ná taiscthe faoin 10 Iúil 2030 a chur ar ceal, as a dtiocfaidh laghdú ar scairchaipiteal an mhéid chomhfhreagraigh.
Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra nach mbeidh i bhfoirm idirghafa a eisiúint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|