3. Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra a eisiúint, agus déanfaidh siad na scaireanna iompróra uile atá ann cheana a chomhshó ina scaireanna cláraithe, déanfaidh siad iad a bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, nó iad a thaisceadh le hinstitiúid airgeadais faoin 10 Iúil 2029. Mar sin féin, ceadófar do chuideachtaí a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa trí bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), den Rialachán sin nó trí eisiúint dhíreach i bhfoirm dhí-ábharaithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (4), den Rialachán sin, ceadófar dóibh scaireanna iompróra nua a eisiúint agus scaireanna iompróra atá ann cheana a choinneáil. Maidir le scaireanna iompróra atá ann cheana nach ndéantar a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh faoin 10 Iúil 2029, déanfar na cearta vótála uile agus na cearta dáilte uile a ghabhann leis na scaireanna sin a chur ar fionraí go huathoibríoch go dtí go ndéanfar iad a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh. Déanfar na scaireanna uile den sórt sin nach bhfuil comhshóite, blocáilte ná taiscthe faoin 10 Iúil 2030 a chur ar ceal, as a dtiocfaidh laghdú ar scairchaipiteal an mhéid chomhfhreagraigh.
Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra nach mbeidh i bhfoirm idirghafa a eisiúint.