+Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach
---+Airteagal 23 (a)
---+Airteagal 23 (b)
---+Airteagal 23 (c)
---+Airteagal 23 (d)
---+Airteagal 23 (e)

Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 25, 26, 27, 29 agus 30 chun a chur ar chumas custaiméirí malartú chuig seirbhís próiseála sonraí, lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse, a sholáthraíonn soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó, chuig bonneagar TFC san áitreabh, nó, i gcás inarb ábhartha, chun roinnt soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a úsáid ag an am céanna. Go háirithe, ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí bacainní, réamhthráchtála, tráchtála, teicniúla, conarthacha agus eagraíochtúla a fhorchur agus a bhaint, ar bacainní iad a chuireann bac ar chustaiméirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 (a)

conradh na seirbhíse próiseála sonraí a fhoirceannadh, tar éis na huastréimhse fógra agus bailchríoch rathúil a chur ar an bpróiseas malartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 25;

Airteagal 23 (b)

conarthaí nua a thabhairt i gcrích le soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

Airteagal 23 (c)

sonraí agus sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe an chustaiméara a phortáil chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí nó chuig bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear tar éis tairbhe a bhaint as tairiscint saor in aisce;

Airteagal 23 (d)

i gcomhréir le hAirteagal 24, coibhéis fheidhmiúil a bhaint amach in úsáid na seirbhíse nua próiseála sonraí i dtimpeallacht TFC de chuid soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse.

Airteagal 23 (e)

seirbhísí próiseála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a dhíchuachadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ó sheirbhísí próiseála sonraí eile arna soláthar ag soláthraí seirbhísí próiseála sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas