+Airteagal 8 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 2a.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás ina gcuireann táirge airgeadais, i measc saintréithe eile, saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó meascán díobh sin chun cinn, ar choinníoll go bhfuil na cuideachtaí a ndéantar na hinfheistíochtaí iontu ag cloí le dea-chleachtais rialachais, áireoidh an fhaisnéis a nochtfar de bhun Airteagal 6(1) agus (3) na sonraí seo a leanas:
(a)
faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíontar na tréithe sin;
(b)
má ainmníodh innéacs mar thagarmharc, faisnéis faoi an bhfuil nó nach bhfuil an t‐innéacs sin i gcomhréir leis na tréithe sin agus an chaoi a bhfuil an t‐innéacs i gcomhréir leo.
|
|
Airteagal 8 2.
|
San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis an innéacs dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh.
|
|
Airteagal 8 2a.
|
I gcás ina gcuireann rannpháirtithe margaidh airgeadais táirge airgeadais ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), áireoidh siad san fhaisnéis a bheidh le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith. Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020. Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leis na táirgí airgeadais sin agus na difríochtaí idir na táirgí airgeadais sin, chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, dréachtleasuithe ar chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dátaí cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin. Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)
maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2021; agus
(b)
maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 faoin 1 Meitheamh 2022.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|