+Airteagal 9 Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 4a.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.

Airteagal 9 Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh agus i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3):

(a) 

faisnéis ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe ailínithe leis an sprioc sin;

(b) 

míniú ar an bhfáth agus ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe atá ailínithe leis an sprioc sin difriúil le hinnéacs leathan margaidh.

Airteagal 9 2.
I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, agus i gcás nár ainmníodh aon innéacs mar thagarmharc, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú ar an gcaoi a bhfuil an sprioc sin le baint amach.
Airteagal 9 3.
I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais astaíochtaí carbóin a laghdú, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear nochtadh astaíochtaí ísealcharbóin d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil tagarmharc AE aistrithe aeráide nó tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) ar fáil, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear go leanfar den iarracht chun an sprioc sin d’astaíochtaí carbóin a laghdú a bhaint amach d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Airteagal 9 4.
San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis na hinnéacsanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chomh maith leis na tagarmharcanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a ríomh.
Airteagal 9 4a.
San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán seo, áireoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 9 5.
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise a bheidh le nochtadh de bhun mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na cuspóirí atá acu dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9 6.
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, cuspóirí na dtáirgí dá dtagraítear i mír 4a den Airteagal seo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith, agus chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcás inar gá, dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b) 

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas