+Airteagal 10 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
|
Airteagal 10 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
I gcás gach táirge airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 9(1), (2) agus (3), foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin ghréasáin agus coinneoidh siad cothrom le dáta í:
(a)
tuairisc ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;
(b)
faisnéis ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar na n‐infheistíochtaí inbhuanaithe a roghnaíodh don táirge airgeadais, lena n‐áirítear a fhoinsí sonraí, na critéir scagtha do na sócmhainní foluiteacha agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar inbhuanaithe foriomlán an táirge airgeadais;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9;
(d)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11.
Beidh an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na chéad fhomhíre soiléir, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí. Foilseofar an fhaisnéis sin ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir, ar bhealach nach mbeidh míthreorach, atá simplí agus beacht agus in áit fheiceálach ar an láithreán gréasáin ar a bhfuil rochtain éasca.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Forbróidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus na ceanglais maidir le cur i láthair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo amhail dá dtagraítear i mír 1 agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta. Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020. Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|