+Airteagal 10 1.

Airteagal 10 1.

I gcás gach táirge airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 9(1), (2) agus (3), foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin ghréasáin agus coinneoidh siad cothrom le dáta í:

(a) 

tuairisc ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b) 

faisnéis ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar na n‐infheistíochtaí inbhuanaithe a roghnaíodh don táirge airgeadais, lena n‐áirítear a fhoinsí sonraí, na critéir scagtha do na sócmhainní foluiteacha agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar inbhuanaithe foriomlán an táirge airgeadais;

(c) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9;

(d) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11.

Beidh an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na chéad fhomhíre soiléir, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí. Foilseofar an fhaisnéis sin ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir, ar bhealach nach mbeidh míthreorach, atá simplí agus beacht agus in áit fheiceálach ar an láithreán gréasáin ar a bhfuil rochtain éasca.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas