+Airteagal 11 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
|
Airteagal 11 Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
I gcás ina gcuireann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais táirge airgeadais ar fáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó in Airteagal 9(1), (2) nó (3), áireoidh siad tuairisc ar na nithe seo a leanas ina dtuarascálacha tréimhsiúla:
(a)
i gcás táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a mhéid a bhaintear tréithe comhshaoil nó sóisialta amach;
(b)
le haghaidh táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(1), (2) nó (3):
(i)
tionchar foriomlán an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de trí bhíthin táscairí inbhuanaitheachta ábhartha; nó
(ii)
i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, comparáid idir tionchar foriomlán atá ag an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de leis an innéacs ainmnithe agus le tionchair an innéacs leathan margaidh trí tháscairí inbhuanaitheachta;
▼M1
(c)
nua do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 5 de Rialachán(AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin;
(d)
do tháirge airgeadais faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin.
▼B
|
|
Airteagal 11 2.
|
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:
(a)
i gcás BCIManna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE;
(b)
i gcás gnóthas árachais, ar bhonn bliantúil i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 185(6) de Threoir 2009/138/CE;
(c)
i gcás IORPanna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/2341;
(d)
i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;
(e)
i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;
(f)
i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn sa tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(g)
i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;
(h)
i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, i dtuarascáil thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;
(i)
i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne, go bliantúil sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;
(j)
i gcás soláthraithe TPPU, i ráiteas sochair TPPU dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/1238.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis i dtuarascálacha bainistíochta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2013/34/AE nó an fhaisnéis i ráitis neamhairgeadais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19a den Treoir sin i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta. Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020. Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu agus i gcás inar gá, déanfaidh siad dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta. Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)
faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus
(b)
faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|