|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:
(a)
i gcás BCIManna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE;
(b)
i gcás gnóthas árachais, ar bhonn bliantúil i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 185(6) de Threoir 2009/138/CE;
(c)
i gcás IORPanna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/2341;
(d)
i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;
(e)
i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;
(f)
i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn sa tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(g)
i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;
(h)
i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, i dtuarascáil thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;
(i)
i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne, go bliantúil sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;
(j)
i gcás soláthraithe TPPU, i ráiteas sochair TPPU dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/1238. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|