+Airteagal 11 5.

Airteagal 11 5.

Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu agus i gcás inar gá, déanfaidh siad dréachtleasuithe ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhorbairt. Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na dátaí faoi seach maidir le cur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2020/852 maidir leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán sin. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

faoin 1 Meitheamh 2021 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ; agus

(b) 

faoin 1 Meitheamh 2022 maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 .

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas